Tá deireadh tagtha le réimeas Kellie Harrington ag dornálaíocht gan chailliúint.
Chaill laoch dornálaíochta Bhaile Átha Cliath i gcluiche leathcheannais 60kg Chraobh Dornálaíochta na hEorpa.
Bhuaigh Kellie bonn cré-umha di féin sa chomórtas i mBéalgrád mar níor éirigh léi an bua a fháil in aghaidh Natalia Shadrina ón tSeirbia, tráthnóna Déardaoin.
Theip ar Kellie, a bhuaigh bonn óir ag Cluichí Oilimpeacha Tóiceo, a bhuachan ina troid tar éis cinneadh scoilte (split decision) a bheith déanta ag na breithiúna.
Chuir an cinneadh sin deireadh lena 32 troid as a chéile gan chailliúint.
Ní raibh Kellie, atá 34 bliain d’aois, ag troid ar an leibhéal a dhéanann sí de ghnáth, rud is cúis imní mar nach bhfuil ach trí mhí le dul go dtí na Cluichí Oilimpeacha i bPáras.
Bhí nuacht níos fearr d’Éirinn, áfach, mar tá Shannon Sweeney tríd go dtí cluiche ceannais chuilmheáchain (flyweight) tar éis di bonn airgid ar a laghad a bhaint amach ina bua leathcheannais.
Bhí bua éasca ag Shannon ó Chontae Mhaigh Eo agus tá sí ag dul tríd go dtí an cluiche ceannais – fuair sí bua le cinneadh d’aon ghuth (unanimous decision) ar Anush Grigoryan ón Airméin.
Bhuaigh Shannon, atá 25 bliain d’aois, bonn cré-umha i gCraobhchomórtas Dornálaíochta na hEorpa i 2022, ach beidh sí san iomaíocht anois don bhonn óir i gcluiche ceannais 50kg Dé Sathairn.
Agus tiocfaidh Niamh Fay abhaile le bonn cré-umha tar éis di cailliúint sa bhabhta leathcheannais 54kg.
Bhí an bua ag Lacramioara Perijoc ón Rómáin i gcinneadh d’aon ghuth.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.