Lyon na hÉireann! Cé hé ‘Big Jake’ O’Brien, an cosantóir nua ar fhoireann John O’Shea

22/03/2024

Is as Eochaill (Youghal) é Jake O’Brien, chuir sé tús lena pheil le Cork City, shínigh sé do Crystal Palace agus tá sé anois ina réalta do Lyon sa Fhrainc

Seans go n-imreoidh cosantóir Lyon Jake O’Brien, atá 22 bliain d’aois, ina chéad cluiche sinsear d’Éirinn an deireadh seachtaine seo.

Tá an leathchúlaí (centre half) curtha isteach i scuad John O’Shea do na cluichí cairdiúil in aghaidh na Beilge agus na hEilvéise tar éis raon taispeántais iontacha d’fhoireann mhór Ligue 1, Lyon, le linn feachtais dheacair.

Jake OBrien

Cúlra

Is as Corcaigh ó dhúchas dó, agus d’fhás O’Brien aníos in Eochaill (Youghal) agus d’imir sé roinnt spóirt ina óige. Chomh maith lena bhuanna peile, ba iománaí agus dornálaí (boxer) cumasach é O’Brien agus bhuaigh sé teidil náisiúnta sa dá chód.

Bhí an chuma air go raibh an dornálaíocht mar fhócas aige, ach timpeall a 16ú breithlá d’fhás sé go tapa, agus tá an cosantóir 6 troigh 6 orlach anois. Mar sin dhírigh sé i dtreo na peile, agus d’imir sé do Cork City ar dtús.

Thosaigh sé le foirne óige Cork City i 2018 sula ndeachaigh sé ar aghaidh ag imirt i naoi gcluiche don fhoireann sinsear. Tharraing a chuid buanna aird Crystal Palace air, agus fuair siad é ar iasacht i mí Feabhra 2021. Rinne sé an t-aistriú buan an samhradh sin.

Níor imir sé riamh don fhoireann shinsearach do Crystal Palace, ach d’imir sé 49 gcluiche do dhá fhoireann eile, agus é ar iasacht, Swindon Town agus ansin taobh na Beilge RWD Molenbeek.

Lyon

Chuaigh O’Brien le Lyon an tsamhraidh seo caite agus d’imir sé a chéad chluiche ar a son i mí Dheireadh Fómhair.

Scóráil sé dhá chúl i mbua 3-2 an chlub in aghaidh RC Lens ag tús mhí na Nollag, an chéad bhua acu ar fheachtas deacair ó shin.

Bhuaigh sé gradam Imreoir na Míosa an chlub i mí na Nollag tar éis dó cuidiú leis an bhfoireann buanna a fháil in aghaidh Toulouse, Monaco agus Nantes.

Le déanaí, ba é O’Brien an laoch nuair a scóráil sé cúl a bhuaigh go déanach do Lyon, i mbua 3-2 in aghaidh Toulouse.

Éire

Cé go bhfuil a chéad ghlaoch faighte ag O’Brien don fhoireann sinsir, d’imir sé le foireann Faoi-21 na hÉireann roimhe seo, agus d’imir sé 11 uair d’fhoireann Jim Crawford idir 2021 agus 2022.

Rugadh é féin agus Adam Idah an bhliain chéanna agus tá aithne acu ar a chéile, tar éis dóibh a bheith sna ciorcail pheile céanna nuair a bhí siad óg.

Beidh aithne aige freisin ar chúntóir (assistant) O’Shea, Paddy McCarthy, a chaith tamall le  Crystal Palace mar chóitseálaí agus O’Brien sínithe leo.

Jake OBriend 1

Ina bhfocail féin

Bhí O’Brien uaillmhianach faoina féidearthacht idirnáisiúnta féin agus é ag labhairt leis na meáin roimh an chluiche leis an mBeilg Dé Sathairn.

Dúirt sé: ‘Ó bhí mé óg, chreid mé i gcónaí go  bhféadfainn imirt d’Éirinn.

‘Ba mhó a bhain sé le foighne agus an deis a thapú nuair a tháinig sé. Forbraíonn gach duine ag céimeanna éagsúla agus domsa ba chéim níos déanaí é d’imreoirí eile, ach chreid mé ionainn féin i gcónaí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram