Tá duán muice (pig’s kidney) aistrithe isteach i bhfear breoite atá ag feabhsú anois

22/03/2024

Creideann dochtúirí nach mbeidh aon ghá le scagdhealú (dialysis) sa todhchaí mar gur féidir leo orgáin an dúan ó mhuca a ndearnadh innealtóireacht ghéiniteach (genetic engineering) orthu

Tá dochtúirí i Meiriceá tar éis duán a thrasphlandú ó mhuc isteach i bhfear breoite atá 62 bliain d’aois, de réir tuarascála sa New York Times.

Surgery

D’éirigh leis an obráid  agus d’fhéadfadh sé dóchas a thabhairt do na céadta mílte othar ar theip ar a nduán.

D’fhulaing an t-othar, Richard ‘Rick’ Slayman, le diaibéiteas. Nuair a theip ar a chuid duáin, bhí sé ar scagdhealú ar feadh seacht mbliana, ag fáil duán daonna sa deireadh in 2018.

Ach theip ar an orgán deonaithe (donated) laistigh de chúig bliana, agus d’fhorbair sé deacrachtaí eile.

Nuair a thosaigh sé arís ar scagdhealú anuraidh bhí go leor fadhbanna aige leis agus bhí air dul san ospidéal arís agus arís eile.

Thuig sé go gcaithfeadh sé fanacht cúig nó sé bliana le haghaidh duán daonna agus mar sin chinn sé dul le trasphlandú duán na muc.

Thosaigh an duán ag obair go gairid tar éis na hobráide an deireadh seachtaine seo caite agus leanann riocht an othair ag feabhsú, dar le dochtúirí  ag Ospidéal Ginearálta Massachusetts, i mBostún.

Tá an t-othar ag siúl san ospidéal cheana féin agus féadfar é a scaoileadh amach go luath.

Más féidir duáin ó ainmhithe géinmhodhnaithe (genetically modified) a thrasphlandú ar mhórscála, rachaidh scagdhealú ‘as feidhm’, a dúirt an Dr Leonardo V Riella, stiúrthóir leighis le haghaidh trasphlandú duáin san ospidéal.

Tá teip duánacha ag na céadta mílte duine agus teastaíonn scagdhealú uathu chun tocsainí a scagadh as an fhuil. Tá go leor acu ar liosta feithimh chun duán trasphlandaithe a fháil ó dheontóir daonna beo nó marbh.

Ina theannta sin, tá galar duáin ainsealach ag na mílte milliún, rud a d’fhéadfadh teip orgáin a bheith mar thoradh air.

Cé go gcoinníonn scagdhealú daoine beo is é an chóireáil is fearr ná trasphlandú orgáin.

Faigheann na mílte othar bás gach bliain agus iad ag fanacht le duáin, áfach, toisc go bhfuil ganntanas géar orgáin ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram