Is tosaí a rinne é! Na tosaithe (forwards) peile is fearr sa CLG, de réir Marc Ó Sé

18/03/2024

Iar-lánchúlaí sa chúinne (corner back) agus laoch Chiarraí, Marc Ó Sé, ag scríobh faoin triúr tosaithe peile a tháinig chun cinn agus Craobh na hÉireann ar tí tosú.

 Is í an chaint anois ná go bhfuil peil i ngéarchéim (crisis) ach tá an comhrá sin ar siúl ag am a bhfuil neart tallainne (talent) beannaithe ag an spórt.

Faoi stiúir Stephen Cluxton, is ré órga í seo do na cúlaithe peile agus tá na cosantóirí ag teacht chun cinn anois agus ag scóráil níos mó ná riamh. Idir an dá linn, tá Brian Fenton anois ina imreoir lár-páirce iomlán, mar a bhí Jack O’Shea tráth. Agus tá Conor Glass mar an gcéanna.

Con O'Callaghan
Con O’Callaghan

Ach don phíosa seo ba mhaith liom díriú ar na tosaithe a bhfuil sé mar aidhm acu pointí a scóráil agus, go ríthábhachtach, cúil freisin.

Ar an ábhar sin nílim ag cur san áireamh na speisialtóirí leath-chun tosaigh (half-forwards) peile atá in ann an lámh in uachtar a fháil: leithéidí Paudie Clifford, Seán O’Shea, Ciarán Kilkenny, Enda Smith agus Rían O’Neill.

Ina áit sin táim ag díriú ar an tallann iomlán chun tosaigh.

Is iad na 10 is fearr : 10 Ryan O’Donoghue (Maigh Eo); 9 Oisin Gallen (Dún na nGall); 8 Shane Walsh (Gaillimh); 7 Darren McCurry (Tír Eoghain); 6 Damien Comer (Gaillimh); 5 Conor McManus (Muineachán); 4 Darragh Canavan (Tír Eoghain); agus, is iad an trí cinn is airde:

3. Shane McGuigan (Doire). Ó thaobh struchtúir agus cruth de, tá gach rud i gceart ag Doire ach is beag an méid a bheadh ann mura mbeadh an fear seo chun tosaigh.

Is mór an t-ualach freagrachta (burden of responsibility) a ghlac sé ar a ghuaillí.

Níl mórán tacaíochta faighte aige ach leanann sé ag déanamh go hiontach. Tá sé seo thar cionn i gCraobh Uladh peile atá ‘claustrophobic’. Éiríonn go maith leis i gcluiche i ndiaidh cluiche, bliain i ndiaidh bliana.

David Clifford
David Clifford

2. Con O’Callaghan (Baile Átha Cliath) Bhí caint amaideach le tamall anuas faoin gcaoi ar chaill O’Callaghan a bhuanna.

Tá sé ródheacair do chosantóirí peile a mbíonn ag déileáil leis mar geall ar cé chomh mór is atá sé, a neart agus a scileanna. Agus déanann sé an rud is fuath le gach cosantóir – fiú amháin cosantóir chomh iontach le Lee Keegan – is é sin nach mbeidh leisce air rith chugat. Agus an liathróid ina láimh aige, níl aon rud eile fágtha le déanamh ag cosantóir ach a bheith buartha faoin toradh.

1 David Clifford (Ciarraí). Fiafraíodh díom le déanaí, cén plean a bheadh agam chun David Clifford a mharcáil agus d’fhreagair mé go ndéarfainn novena do Naomh Iúdá, pátrún na gcúiseanna gan dóchas (hopeless causes).

Bhí an mí-ádh orm Kieran Donaghy agus Colm Cooper a mharcáil nuair a bhí muid ag traenáil, agus samhlaím go gcaithfidh Clifford a bheith cosúil le marcáil an bheirt acu fillte isteach i gceann amháin. Ádh mór leis sin.

Tá an oiread sin gnéithe sa tslí ina n-imríonn sé a léiríonn an fáth a bhfuil Clifford speisialta. Ach táim an-tógtha le cé comh tapa agus is féidir leis a chuid ciceanna a chur ard san aer, ag cinntiú nach gcuirfear bac orthu, agus go mbíonn sé fós cruinn.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram