Ár nathair atá ar ais – ag ceiliúradh Naomh Pádraig leis na ‘snakes’ sa Zú

14/03/2024

Tá gníomhaíochtaí speisialta lán spraíúla fógartha ag Zú Bhaile Átha Cliath do Lá Fhéile Pádraig – fiú do na nathracha (snakes)

Tá pleananna do dheireadh seachtaine Lá Fhéile Pádraig fógartha ag Zú Bhaile Átha Cliath – agus le neart féilte ar siúl timpeall Pháirc an Fhionnuisce (Phoenix Park), tá cuairteoirí á spreagadh chun dul síos go dtí an zú.

Ar an gcéad dul síos, cuirfidh Leipreachán fáilte roimh aíonna na páirce ar 17 Márta agus iad ag teacht isteach; agus spreagfar iad chun cur isteach ar chomórtas ‘pota óir’.

I Zoorassic World Zú Bhaile Átha Cliath, beidh cainteanna speisialta le maoir faoi nathracha
I Zoorassic World Zú Bhaile Átha Cliath, beidh cainteanna speisialta le maoir faoi nathracha

Má bhuann tú beidh seans agat pas bliantúil chuig Zú Bhaile Átha Cliath a bhuachan.

Ag bialann Meerkat, beidh ceol traidisiúin bheo á sheinm i rith an lae.

Agus spreagtar rince leis an gceol. Ansin beidh an siamsóir leanaí Silly Billy ag óstáil dhá Sheó Draíochta (magic shows) speisialta tráthnóna.

In áiteanna eile sa pháirc, beidh péinteáil aghaidhe (face-painting) agus gníomhaíochtaí téamacha ealaíon agus ceardaíochta ar siúl i rith an lae, ach don deireadh seachtaine a bheidh ann, beidh roinnt sainchainteanna (special talks) ar siúl.

I Zoorassic World Zú Bhaile Átha Cliath, beidh cainteanna speisialta le maoir faoi nathracha. Is féidir le cuairteoirí, idir bheag agus mhór, níos mó a fhoghlaim faoi na créatúir a dhíbir Naomh Pádraig féin ónár gcladach.

Tagann sé seo go gairid tar éis don pháirc a fhógairt bás a orangutan Sibu ag aois 45.

Tar éis dó Zú Bhaile Átha Cliath a shroicheadh den chéad uair 40 bliain ó shin, dúirt Zú Bhaile Átha Cliath go raibh sé uasal, comhbhách agus thar a bheith cliste agus gur bhásaigh sé tar éis fadhbanna mar gheall ar a aois.

Ceann de na nathracha atá ar ais do Lá Fhéile Pádraig
Ceann de na nathracha atá ar ais do Lá Fhéile Pádraig

Áirítear ar an sceideal iomlán do Lá Fhéile Pádraig i Zú Bhaile Átha Cliath péinteáil aghaidhe sa Farmhouse ó 11am go 3:30pm; ealaíona agus ceardaíocht ó 12pm go dtí 4pm freisin sa Farmhouse, agus beidh bialann The Meerkat ina hóstach ar sheisiúin cheoil thraidisiúnta na hÉireann ag 11am, 1pm agus 3pm, leis an Silly Billy Magic Show ag 12pm agus 2pm.

Tá Zú Bhaile Átha Cliath ar oscailt ó 9am go 6pm agus tá na himeachtaí speisialta seo ar fad do Lá Fhéile Pádraig san áireamh sna praghsanna iontrála ginearálta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram