Austin Martin: Beidh tú leat féin ar an stáitse, a Aire, a deir Kneecap

13/03/2024

Freastalóidh an tAire Catherine Martin ar fhéile atá urraithe (sponsored) ag arm na Stát Aontaithe cé go bhfuil Kneecap agus bannaí Éireannacha ag déanamh baghcat ar an imeacht

Tá sé ráite ag ball den ghrúpa rap Kneecap nach bhfuil sé ag iarraidh an tAire Ealaíon agus Meán Catherine Martin a cháineadh ach dúirt sé go mbeidh sí ‘ag seasamh ar stáitse na hÉireann léi féin’ ag an bhféile SXSW.

Cuireadh tús le féile South By South West an tseachtain seo caite i Texas, le Kneecap ag tarraingt amach as an bhféile mar gheall ar ionsaithe Iosrael ar na Palaistínigh i nGaza.

Kneecap
Kneecap

Tharraing siad amach tar éis dó teacht chun solais go bhfuil arm na Stát Aontaithe ina ‘sár-urraitheoir (super sponsors)’ ar an imeacht.

Tá baghcat ar an imeacht freisin na ceoltóirí Éireannach eile a bhí le bheith ag seinm ar an bhféile – NewDad, Gavin James agus Mick Flannery ina measc.

Dúirt ball de Kneecap, Mo Chara, go bhfuil arm na Stát Aontaithe ag déanamh urraíochta (sponsorship) ar an imeacht agus chomh maith leis sin go mbeadh cainteanna ann ó dhéantóirí arm.

‘Ní minic a bhíonn féile cheoil agat a bhíonn “super sponsored”, mar a bhí an teideal, ag arm na Stát Aontaithe,’ a dúirt Mo Chara le Morning Ireland.

‘Tá cainteanna ó chomhlachtaí airm ag tarlú ag an bhféile, agus is iad seo na comhlachtaí céanna a sholáthraíonn (providing) airm le haghaidh cinedhíothú (genocide) sa Phalaistín.

‘Sílim gur “no-brainer” é tar éis an eolais seo teacht chun solais… is maith an rud é a bheith ar an taobh ceart den stair mar Éireannaigh.’

Dúirt sé go raibh sé an-bhródúil as na bannaí eile atá ag diúltú dul ag SXSW.

Catherine Martin
Catherine Martin

‘Seolann sé teachtaireacht an-soiléir go mbeidh muintir na hÉireann i gcónaí i ndlúthpháirtíocht (solidarity) le muintir na Palaistíne.’

In ainneoin go bhfuil na hachtanna Éireannacha tarraingthe amach as an bhféile, beidh an tAire Martin fós ag freastal ar SXSW, áit a bhfuiltear ag súil go labhróidh sí faoi Gaza.

Dúirt an tAire Martin go n-úsáidfeadh sí a turas chun ‘a déistin  a chur in iúl go soiléir faoin léirscrios (devastation) atá ar siúl i nGaza’.

De réir ráiteas óna roinn, déanfaidh sí ‘cur síos ar iarratais Rialtas na hÉireann ar sos cogaidh láithreach, scaoileadh neamhchoinníollach (unconditional release) na ngiall (hostages) go léir agus méadú ollmhór agus leanúnach ar chabhair dhaonnúil (humanitarian), bia agus leigheas do mhuintir Gaza’.

Dúirt Mo Chara nach labhróidh Kneecap ar son éinne eile.

‘Nílimid anseo chun labhairt ar son daoine eile nó a rá cé ba cheart agus nár cheart dul ann,’ a dúirt Mo Chara. ‘Bhí muidne ag déanamh ár gcinneadh féin.

‘Ach tá a fhios agam, ar ndóigh, go raibh an tAire ag rá go bhfuil sí chun tacú le hachtanna Éireannacha … sílim go bhféadfadh sí a bheith ag seasamh ar an stáitse Éireannach léi féin mar níl aon acht ag seinm ann níos mó.

Gavin James
Gavin James

‘Ach má tá sí ag baint úsáide as a hardán chun labhairt amach i gcoinne [an ghéarchéim dhaonnúil leanúnach i nGaza], ansin “all power to her”.’

Ag labhairt dó ar an gcailliúint airgeadais a bhaineann le tarraingt amach as an bhféile mar ealaíontóirí neamhspleácha, dúirt Mo Chara go gcaillfidh achtanna eile níos mó airgid.

‘Ní raibh i gceist ach tarraingt amach as gig againn. Sea, chaill muid beagán airgid, ach tá sé “priceless” an rud ceart a dhéanamh.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram