Gaeilge do chách, a deir an tAire Oideachais ón DUP

07/03/2024

Thug Paul Givan, aire ón DUP, cuairt ar scoil Ghaeilge, dúirt sé ‘maidin mhaith’ as Gaeilge agus bhain sé triail as beagán damhsa céilí.

Tá an tAire Oideachais Paul Givan, ball den DUP, fear a ghearr maoiniú don Ghaeilge uair amháin, tar éis na teanga a mholadh anois.

Bhí sé ag labhairt le daltaí i mbunscoil Ghaeilge, Gaelscoil Aodha Rua, i nDún Geanainn, i gContae Thír Eoghain (Dungannon, in County Tyrone).

Ghuigh sé ‘maidin mhaith’ i nGaeilge ar na daltaí, agus nuair a bhí na páistí ag casadh amhráin agus damhsaí dó chuaigh sé isteach sa rince céilí.

Paul Given ón DUP ag damhsa leis  an príomhoide, Móna Uí Dhochartaigh
Paul Given ón DUP ag damhsa leis an príomhoide, Móna Uí Dhochartaigh

Beannaigh an príomhoide, Móna Uí Dhochartaigh, dó.

Dúirt sí go raibh súil aici go dtabharfadh a chuairt léargas maith dó ar earnáil (sector) na Gaelscoileanna ar fad.

Ag labhairt Béarla dó dúirt sí: ‘Is ea ‘aire’ an focal do ‘minister’ i nGaeilge. Trí sheans (coincidentally), ciallaíonn an focal sin ‘care’ freisin, nó aire a thabhairt, agus tá súil agam, ag bogadh ar aghaidh,  go dtabharfaidh an tAire aire do na páistí in earnáil na Gaelscoileanna ar bhealach cothrom agus cóir.’

Ocht mbliana ó shin, agus é ina Aire Pobail (Community Minister), bhí an tUasal Givan conspóideach nuair a ghearr sé scéim Ghaeilge €58,000 darb ainm Líofa.

Ar an gCéadaoin, dúirt sé go raibh sé sin, ‘rud éigin nach raibh baint aige leis an bpolaitíocht ag an am, a tháinig chun bheith polaitiúil’.

Dúirt sé: ‘Is léir go bhfuilim ag cur amach go soiléir ná teachtaireacht go mbeidh mé i m’Aire Oideachais dár n-earnálacha go léir.’

Dúirt sé freisin gur choinnigh Preispitéirigh ó Albain an teanga bheo.

Paul Given ag labhairt Gaeilge
Paul Given ag labhairt Gaeilge

‘Sílim go bhfuil sé tábhachtach go gcuimhnímid nach bhfuil teanga ar leith ag pobal ar leith amháin i dTuaisceart Éireann. Tá luach aige ar fud ár bpobal i dTuaisceart Éireann,’ a dúirt sé.

‘Tá sé tábhachtach go ndéarfaimis nár cheart an Ghaeilge a bheith polaitiúil. Is rud é a chreidim gur féidir a bheith ina teanga chomhroinnte do chách i dTuaisceart Éireann.’

D’oscail Gaelscoil Aodha Rua i 2011 agus gan ach 12 páiste aici agus anois cuireann sí oideachas ar 135 dalta, chomh maith le 24 sa naíonra.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram