Deir tromlach na vótálaithe Meiriceánacha a thacaigh le Joe Biden i 2020 go bhfuil sé ró-shean chun dul i gceannas ar an tír go héifeachtach, de réir pobalbhreith nua ón New York Times agus Siena College.
Léirigh an suirbhé go bhfuil athrú tagtha ar an gcaoi ar athraigh vótálaithe, a thug tacaíocht don Uachtarán Biden ceithre bliana ó shin, a ndearcadh air.
Dúirt 61% gur cheap siad go bhfuil sé ‘díreach ró-shean’ le bheith ina uachtarán éifeachtach.
Tagann an phobalbhreith ag am atá imní mhór i measc na nDaonlathaithe faoi líon na vótáilithe atá feargach faoi thacaíocht láidir an Uachtaráin Biden d’ionsaithe Iosrael ar Gaza.
Bhí sciar mór de na vótáilithe a ceistíodh i bpobalbhreith an New York Times fiú buartha faoi mar atá ag éirí leis mar uachtarán anois.
Deir 19% díobh siúd a vótáil don Uachtarán Biden in 2020, agus 13% díobh siúd a dúirt, i mí na Samhna seo caite, nach bhfuil sé in ann an post a láimhseáil a thuilleadh.
Tá Joe Biden 81 bliain d’aois.
Bhí an imní faoi aois an Uachtaráin Biden thar na glúnta, inscne, cine agus oideachas, rud a chuir béim ar an chaoi gur theip ar an Uachtarán deireadh a chur le himní faoi laistigh dá pháirtí féin.
Deir 73% de na vótálaithe cláraithe go bhfuil sé ró-shean le bheith éifeachtach, agus deir 45% nach féidir leis an bpost a dhéanamh.
Tá an míshuaimhneas seo, a bhí soiléir sna pobalbhreitheanna agus i dtuairimí ó oifigigh Dhaonlathacha go dtí seo, ag fás níos mó anois agus an tUachtarán Biden ag bogadh níos gaire d’ainmniúchán an pháirtí a fháil.
Reáchtáladh an pobalbhreith níos mó ná coicís tar éis dianscrúdú a dhéanamh ar a aois go luath i mí Feabhra, nuair a dúirt abhcóide speisialta go bhféadfaí breathnú ar an Uachtarán Biden mar ‘fhear scothaosta le droch-chuimhne’.
Níl an imní chéanna léirithe ag vótálaithe faoi Donald Trump, atá 77, agus ceithre bliana níos óige ná Joe Biden.
Dá ndéanfaí é a atoghadh, bhuailfeadh an tUachtarán Biden a churiarracht féin mar an t-uachtarán is sine, agus bheadh Trump ar an dara duine is sine dá mbuafadh sé. Bheadh Trump 82 ag deireadh an téarma, agus bheadh Biden 86.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.