In ainneoin na géarchéime sláinte ní féidir le haltraí eolas a fháil maidir le cibé an féidir leo filleadh ar an obair tar éis sosanna gairme (career breaks).
Tá siad fós ag fanacht ar fhreagraí cé go léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh beagnach 11,000 othar ar thralaithe (trolleys) ag fanacht ar leaba i mí Feabhra.
Agus tá eagla ar an INMO go dtiocfaidh ardú ar na figiúirí sin le linn an dá dheireadh seachtaine saoire bainc (bank holidays) an mhí seo – siad sin do Lá Fhéile Pádraig agus don Cháisc.
Theip ar an Aire Sláinte cinnteacht (assurance) a thabhairt go bhfaighidh foireann HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) atá ar shosanna gairme a bpoist ar ais nuair a fhilleann siad ón tsaoire.
Dúirt an tAire Stephen Donnelly, mar gheall ar na mílte ball foirne a fostaíodh le blianta beaga anuas agus an reo (freeze) ar earcaíocht (recruitment), go bhfuil ‘os cionn 2,000 ball foirne san HSE nach bhfuil aon mhaoiniú ar fáil dóibh lena gcuid pá a íoc’.
Dúirt urlabhraí de chuid an HSE go bhfuil an HSE ag cur a straitéise do 2024 i gcrích faoi láthair, a déarfaidh an bealach a ndéanfaidh an lucht oibre a mhaoiniú don bhliain seo.
Chuir urlabhraí an Lucht Oibre ar shláinte, Duncan Smith, an cheist ar an Aire agus dúirt sé go bhfuil an scéal ‘Scannalach (outrageous)’.
Dúirt Phil Ní Sheaghdha, rúnaí ginearálta Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann (Irish Nurses and Midwives Organisation, INMO), go bhfuil a fhios acu nach bhfuil altraí agus mná cabhrach in ann soiléireacht a fháil maidir le cibé an féidir leo filleadh ó shosanna gairme.
Ag deireadh na bliana seo caite, d’fhógair an HSE sos san earcaíocht, tharla sé sin mar níor éirigh leis an tseirbhís sláinte an maoiniú a bhí uathu, le linn phróiseas an bhuiséid.
Dúirt an tUasal Smith: ‘Gach uair a ardaítear an “freeze”, imíonn an Taoiseach, ag ligean air nach bhfuil aon tionchar dáiríre aige, go bhfuil HSE ag fostú do róil nua.’
Nuair a d’iarr an tUasal Smith sa Dáil ar an Aire, an bhféadfadh oibrithe sláinte filleadh ar an obair óna sosanna gairme, dúirt an tUasal Donnelly: ‘Mar is amhlaidh in eagraíocht ar bith, bíodh sé na gardaí nó na scoileanna, ní féidir linn foireann a fhostú gan airgead ar bith a bheith ar fáil chun iad a íoc.
‘Ní raibh aon rogha ag an bPríomhoifigeach Feidhmiúcháin (CEO) ná agamsa ach a thabhairt le fios go soiléir nach féidir le HSE leanúint ar aghaidh ag earcaíocht nuair nach bhfuil aon mhaoiniú ann chun an pá a íoc.’
Dúirt Ms Ní Sheaghdha: ‘Tá an INMO an-eolach ar phoist nach bhfuil líonta mar gheall ar dhaoine a fhágann a bpoist nó tar éis dóibh dul ar scor.
‘Tá a fhios againn go raibh cásanna ann nuair nach raibh altraí agus mná cabhrach in ann soiléireacht a fháil maidir le cibé an féidir leo filleadh ó shosanna gairme le linn an mhoratóra (moratorium) earcaíochta seo.
‘Tá sé curtha in iúl ag stiúrthóirí altranais in ospidéil ar fud na tíre don INMO go bhfuil an reo earcaíochta ag cruthú deacrachtaí go forleathan in ospidéil atá níos gnóthaí ná riamh,’ a dúirt sí.
Dúirt an tUasal Donnelly, áfach, go raibh ‘leibhéal infheistíochta gan fasach (unprecedented)’ i bhfórsa saothair na seirbhíse le blianta beaga anuas.
‘Dúirt sé go raibh fás comhsheasmhach gach bliain ó 2020, agus go raibh an fás ar líon na foirne a earcaíodh in 2023 ar an líon is airde ó bunaíodh an HSE.
Léiríonn na figiúirí is déanaí go raibh beagnach 11,000 othar ar thralaithe i mí Feabhra agus sin 951 duine sa bhreis ag fanacht ar leaba i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.