Labhraíonn Neven Maguire faoi na rudaí cruálacha a deir custaiméirí leis

03/03/2024

Deir an cócaire iomráiteach Neven Maguire gur chóir go mbeadh daoine níos cineálta le daoine eile agus deir sé go gcuidíonn oiliúint choirp (physical training) leis a bheith sláintiúil ina mheabhair (mentally)

Tá an cócaire cáiliúil Neven Maguire tar éis labhairt faoi thuairimí pearsanta cruálacha a gcaithfidh sé déileáil leo ó chustaiméirí.

Neven
Neven agus a bhean Amelda; tá beirt pháistí ag an lánúin, cúpla (twins) Lucia agus Connor, 12

Tá iarrtha ag úinéir na bialainne, atá lonnaithe sa Chabhán, ar dhaoine smaoineamh sula ndéarfaidh siad aon rud, tar éis dó roinnt tuairimí cruálach a chloisteáil ó chustaiméirí faoina chuma thar na blianta.

Deir Neven go bhfuil oiread agus trí nó ceithre thuairimí faighte aige, ó fhir den chuid is mó, faoin chuma atá air gach bliain.

‘Thar na blianta, rinne daoine maslaí orm sa bhialann, go háirithe fir, agus bhí sé i gcónaí i gcúl m’intinne,’ a dúirt Neven.

‘Ba é fir a bhí ag iarraidh a bheith cliste agus go minic bheadh náire ar na mná a bhí in éineacht leo agus ag rá leo stopadh,’ a dúirt Neven leis an Irish Independent.

‘B’fhéidir go bhfeiceann siad ar an teilifís thú agus go gceapann siad go bhfuil muinín agat asat féin;  agus dhéanfainn magadh uaireanta faoi theilifís scáileán leathan (widescreen) nó pé rud é sin a dhéanamh.

Neven Maguire 2
‘Caithfimid an t-am a ghlacadh le bheith cineálta. Níl a fhios ag éinne cad atá ar siúl le daoine eile,’ a deir Neven

‘Ach dá dtiocfaidís chugam faoi dhó, déarfainn rud leo. Nílim ag dul amach chun bualadh le haíonna agus iad ag caitheamh maslaí orm,’ a dúirt Neven.

‘Ní tharlódh sé mórán, b’fhéidir trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana, ach éiríonn sé i do cheann agus cuireann sé scaoll ort.

‘Caithfidh muid stopadh agus smaoineamh ar an gcaoi a labhraímid le daoine agus na rudaí a ndeirimid faoi dhaoine. Caithfimid an t-am a ghlacadh le bheith cineálta. Níl a fhios ag éinne cad atá ar siúl le daoine eile,’ a dúirt Neven.

‘Toradh maith amháin is ea go gcuirfinn brú orm féin níos mó leis na lámhainní dornálaíochta (boxing gloves) an lá dár gcionn,’ ar seisean.

Dúirt Neven, atá 50 bliain d’aois, go bhfuil athrú mór tagtha ar a stíl maireachtála mar go ndéanann sé oiliúint anois trí nó ceithre huaire sa tseachtain le traenálaí pearsanta i seomra aclaíochta a thóg sé ina theach.

Agus fiú nuair a tháinig athrú ar a réim bia (diet) dúirt Neven go bhfuil sé ríthábhachtach a réimeas oiliúna a choinneáil suas.

‘Má tá do cheann ceart, is féidir gach rud eile a leanúint. Nuair a bhím ag traenáil go rialta, glanann sé gach rud dom, rud ar bith a chuireann isteach orm,’ a dúirt sé.

I measc na n-athruithe simplí eile a rinne sé, úsáideann sé spúnóg espresso atá níos lú, chun bia a bhlaiseadh sa bhialann chomh maith le milseoga a ghearradh amach.

Amelda Maguire And Neven Maguire 1
‘Ba é fir a bhí ag iarraidh a bheith cliste agus bheadh náire ar mná leo agus ag rá leo stopadh,’ a dúirt Neven

D’admhaigh Neven go bhfuil an-tóir aige ar rudaí milse agus tá sceideal oibre tapaigh aige, a bhaineann go minic le taisteal suas agus síos go Baile Átha Cliath; agus bhí sin ina chúis le fadhbanna dó san am a chuaigh thart.

Déanann sé troscadh eatramhach (interim fasting) freisin, rud a chiallaíonn go n-itheann sé béile tráthnóna ach ansin, seachas caife, ní bheidh aon rud le hithe aige go dtí meán lae an lá dár gcionn.

Athrú tábhachtach eile is ea an cinneadh carbaihiodráití (carbohydrates) a ghearradh amach óna réim bia.

Dúirt sé go roghnóidh sé, in ionad prátaí, ‘rís chóilis (cauliflower ríce) a dhéantar go blasta le beagán púdar curaí (curry powder)í’.

In ainneoin a bheith ina chócaire admhaíonn Neven go bhfuil sé ag foghlaim anois faoi thábhacht réim bia agus próitéin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram