NUASHONRAITHE Tráthnóna Dé hAoine … Tá Rabhadh Stádas Buí le oighear gach áit sa tír eisithe ag Met Éireann agus táthar ag súil le teocht faoi bhun an reophointe oíche Dé hAoine.
Chuir flichshneachta agus sneachta isteach go mór ar áiteanna ar fud na tíre agus d’eisigh Met Éireann sraith Rabhadh Stádas Buí (Status Yellow Warnings) ar Dé hAoine.
Tagann an rabhadh i bhfeidhm ag 9pm Dé hAoine agus Met Éireann ag rá go mbeidh sé ‘fuar anocht agus oighear ar bhóithre contúirteacha agus cosáin a bhfuil coinníollacha taistil contúirteacha ag baint leo’. Cuirfear deireadh leis an rabhadh ag 9am Dé Sathairn.
Tá oibrithe na comhairle áitiúla amuigh i gcoinníollacha deacra ag iarraidh na bóithre a dhéanamh sábháilte.
Tá rabhadh Stádas Buí le sneachta agus oighir i bhfeidhm don Chabhán, Muineachán, Liatroim, Longfort, Sligeach, Ros Comáin, an Iarmhí agus Cill Dara (Cavan, Monaghan, Leitrim, Longford, Sligo, Roscommon, Westmeath agus Kildare).
Sa phríomhchathair, tá foláireamh tugtha ag Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath faoi dhrochchoinníollacha tiomána, go háirithe ar thalamh ard.
Tá Rabhadh Stádas Buí le Báisteach i bhfeidhm do Bhaile Átha Cliath, Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin (Dublin, Louth, Meath agus Wicklow) go dtí 3am maidin Dé Sathairn, agus tá báisteach leanúnach á thuar ag Met Éireann, le meascán de flichshneachta (sleet) agus sneachta uaireanta.
Tá fadhbanna ar bhealaí 65 agus 44B de chuid Bhus Átha Cliath.
Dúnadh scoileanna agus moilleanna taistil ar fud na tíre, agus thug roinnt údarás áitiúil rabhadh d’úsáideoirí bóithre a bheith cúramach.
Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Contae an Chabháin faoi choinníollacha na mbóithre, ag tabhairt foláirimh do thiománaithe agus ag tabhairt comhairle do dhaoine gan taisteal mura bhfuil sé fíor-riachtanach.
Dúirt siad freisin go bhfuil roinnt dá bhfoireann ag obair go dian dícheallach faoi dhálaí uafásacha ag láithreacha trasna an ghréasáin bóithre, le sneachta trom a fhágann nach féidir bóithre áirithe a thrasnú.
Ag tagairt do X, dúirt Comhairle Contae Ros Comáin go raibh ‘dálaí tiomána dúshlánacha,’ ar fud an chontae mar thoradh ar thitim throm leanúnach sneachta.
B’éigean do roinnt scoileanna sa Chabhán, i Liatroim agus sa Longfort dúnadh freisin mar gheall ar an aimsir, agus tá crainn tite ag cur isteach go mór ar Chontae Shligigh.
Chuir an sneachta isteach ar bhealaí áirithe de chuid Bhus Éireann, agus tá seirbhísí go Baile Átha Cliath agus Dún na nGall agus an Cabhán curtha ar ceal, chomh maith le seirbhísí idir an Cabhán agus Dún Dealgan.
Tá ráiteas eisithe ag Iarnród Éireann mar gheall ar an sneachta, agus tá moill thart ar 30 nóiméad ar roinnt seirbhísí mar gheall ar dhálaí díobhálacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.