Tá seachtain ceithre lá (four-day week) níos fearr dúinn, a deir comhlachtaí

01/03/2024

Dúirt comhlachtaí le trialacha móra idirnáisiúnta, a rinne UCD agus coláistí i SAM agus sa Bhreatain, go bhfuil oibrithe níos táirgiúla (productive) nuair a oibríonn siad ar feadh níos lú uaireanta ar an bpá céanna

Is fearr oibriú ceithre lá sa tseachtain in ionad cúig lá ar an bpá céanna – sin dearcadh atá ag formhór na gcomhlachtaí tar éis na trialach idirnáisiúnta is mó dá leithéid riamh, a reáchtáladh le cabhair ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Tá tromlach mór na gcomhlachtaí a ghlac páirt sa triail fós ag iarraidh go mbeadh a gcuid fostaithe ag obair seachtain níos giorra agus tá an t-athrú buan (permanent) ag níos mó ná leath díobh.

Bhí formhór na gcuideachtaí a ghlac páirt sa triail sin bunaithe sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn
Bhí formhór na gcuideachtaí a ghlac páirt sa triail sin bunaithe sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn

Bhí an triail in dhá pháirt.

Chomhoibrigh 4 Day Week Global, eagraíocht neamhbhrabúis (non-profit), le taighdeoirí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, i gColáiste Boston agus in Ollscoil Cambridge i Sasana don triail. Bhí sé roinnte ina dhá chohórt, ag tosú i mí Feabhra agus Aibreán 2022.

Sa chéad triail, tar éis sé mhí, dúirt an chuid is mó de na 33 comhlacht agus 903 oibrí a bhí i gceist nach mbeidís ag dul ar ais go seachtain cúig lá.

Bhí formhór na gcuideachtaí a ghlac páirt sa triail sin bunaithe sna Stáit Aontaithe agus in Éirinn. Thug na daoine a d’fhreagair an suirbhé rátáil naoi as deich ar a n-eispéireas iomlán, bunaithe ar tháirgiúlacht agus ar fheidhmíocht (productivity agus performance).

Anois, tá na torthaí céanna sa chuid is déanaí den staidéar.

Ar feadh sé mhí idir Meitheamh agus Nollaig 2022, d’oibrigh oibrithe ag 61 eagraíocht sa Bhreatain 80% dá ngnáthuaireanta — ar an bpá céanna — mar mhalairt ar ghealltanas 100% dá ngnáthobair a sheachadadh.

Bhí ar a laghad 89% de na gnólachtaí sin fós ag feidhmiú leis an bpolasaí nua agus bhí an tseachtain ceithre lá buan ag 51% ar a laghad ag deireadh 2023.

Eisíodh an staidéar Dé Céadaoin ag Autonomy, meitheal mhachnaimh (think tank) a reáchtáil na trialacha leis an gcomhlacht neamhbhrabúis 4 Day Week Global.

De réir na tuarascála, tá tionchar an-mhór ag an bhfoireann agus a gcomhlachtaí ar uaireanta oibre laghdaithe.

Thuairiscigh fostaithe (employees) go raibh sláinte fhisiciúil agus mheabhrach níos fearr acu, go raibh cothromaíocht níos fearr idir an obair agus an saol agus sásamh ginearálta an tsaoil
Thuairiscigh fostaithe (employees) go raibh sláinte fhisiciúil agus mheabhrach níos fearr acu, go raibh cothromaíocht níos fearr idir an obair agus an saol agus sásamh ginearálta an tsaoil

Ag deireadh na trialach, dúirt bainisteoirí ag 28 cuideachta gur thit líon na n-oibrithe a d’fhág an comhlacht ag leath de na heagraíochtaí, dúirt beagnach an tríú cuid gur tháinig feabhas ar earcaíocht (recruitment) agus thuairiscigh 82% go raibh tionchar maith aige ar leas (wellbeing) na foirne.

Thuairiscigh fostaithe (employees) go raibh sláinte fhisiciúil agus mheabhrach níos fearr acu, go raibh cothromaíocht níos fearr idir an obair agus an saol agus sásamh ginearálta an tsaoil, agus gur lú an méid am a bhí siad traochta ón obair — agus tá na feabhsuithe sin fós ann bliain ina dhiaidh sin.

Leagann tuarascáil Autonomy béim freisin ar na modhanna a d’úsáid eagraíochtaí chun seachtain ceithre lá a chothú, lena n-áirítear athbhreithniú a dhéanamh ar na noirm (norms) a bhaineann le cruinnithe, cumarsáid oibre agus beartú tosaíochta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram