Tháinig daoine ó gach cearn den domhan go dtí Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), nuair a sheol Uachtarán nua na hOllscoile sin, an tOllamh Orla Feely, an Tionól.
Séard atá i gceist leis an Tionól ná scoil samhraidh seachtaine do dhaoine fásta ó aois 18 go 88, le lóistín agus lónadóireacht ar champas Belfield.
D’fhreastail na rannpháirtithe ar ranganna teanga gach maidin, ar léachtaí tar éis lóin agus ar imeachtaí cultúrtha sa tráthnóna.
Bhí ionadaíocht iontach ó phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, ó Shasana, Albain, Stáit Aontaithe Mheiriceá, ón Fhrainc, ón nGearmáin agus ón Astráil.
‘Tá an Tionól ar an bhfód anois ón mbliain 2017’’ a dúirt Clár Ní Bhuachalla, Stiúrthóir na Scoile, ‘agus tá cuid de na foghlaimeoirí fillte don 5ú nó 6ú bliain as a céile.
‘Is aoibhinn linn sean chairde a fheiceáil arís.’
Bíonn ranganna teanga á thairiscint ag cúig leibhéal gach bliain agus i mbliana bhí éileamh faoi leith ar na ranganna ag an ardleibhéal.
Anuas ar na ranganna bhí deis acu cloisteáil ó réimse leathan d’aoichainteoir ar théamaí éagsúla; béaloideas, soceolaíocht, litríocht agus cearta teanga.
Bhí lucht acadúil na hollscoile i meas na n-aíonna maraon le h-iriseoirí sna meáin chumarsáide agus cleachtóirí ó shaol na n-ealaíon: an tOllamh Micheál Ó Dochartaigh, File Cónaitheach UCD Ciara Ní É, an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin, an t-údar Réaltán Ní Leannán, an tOllamh Iarfhlaith Watson, an tOllamh Kelly Fitzgerald agus Bainisteoir Cumarsáide, Oifig an Choimisinéir Teanga, Páidí Ó Lionáird.
Bhí an-spraoi ag baint leis na ceardlanna amhránaíochta agus damhsa sa tráthnóna agus thug Cleamairí Fhine Gall cuairt air freisin.
Chaith lucht freastail na Scoile; 63 duine san iomlán, tráthnóna amháin i lár na cathrach nuair a chuir Gailearaí Náisiúnta na hÉireann turas treoraithe ar fáil i nGaeilge.
Ina dhiaidh sin bhí tráth na gceist i gClub Chonradh na Gaeilge agus chríochnaigh an oíche le cuairt ar an bPop Up Gaeltacht sa teacht tábhairne Pipers Corner.
‘Sé Gaeltacht UCD, Ionad Domhanda UCD don Teanga agus don Chultúr a eagraíonn an scoil samhraidh seo i gcomhar leis an eagraíocht Gaelchultúr.
Déanann Gaeltacht UCD freastal orthu siúd ar fad ar mian leo teagmháil a bheith acu leis an nGaeilge.
I measc na dtionscadal eile a bhíonn á riar acu chun an teanga a chur chun cinn, tá cúrsaí teanga, scéim chónaithe Ghaeilge, imeachtaí cultúrtha agus seirbhís aistriúcháin.
Más spéis leat a bheith ar liosta teagmhálaithe an ionaid do Thionól Gaeilge 2024, ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig failte@ucd.ie.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie@gmail.com.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.