

Táthar ag súil go bhfillfidh iarbhainisteoir peile Dhoire, Rory Gallagher, ag traenáil foirne CLG, tar éis don Údarás Réitigh Díospóidí (Disputes Resolution Authority) deireadh a chur lena chosc sealadach (temporary ban) ó ghníomhaíocht CLG.

Tionóladh éisteacht de chuid an Údarás Réitigh Díospóidí ar an 1 Feabhra tar éis do Gallagher cás a thabhairt i gcoinne bhreithiúnas de chuid Chomhairle Uladh (Ulster Council) a chuir cosc air foirne CLG a thraenáil.
Mí Mheán Fómhair seo caite, thug CLG Uladh le fios go raibh Gallagher ‘toirmiscthe go sealadach (temporarily debarred), gan dochar (without prejudice), ón CLG go dtí go gcríochnódh Painéal Coimirce (Safeguarding Panel) CLG Uladh a gcuid oibre’.
Cuireadh tús le hathbhreithniú (review) CLG Uladh i mí Iúil, dhá mhí ó d’imigh Gallagher óna phost mar cheannasaí Dhoire i bhfianaise post ar na meáin shóisialta óna bhean chéile Nicola a líomhain mí-úsáid teaghlaigh (alleged domestic abuse).
Idir an am a d’imigh sé as Doire agus an idirghabháil ó Chomhairle Uladh (Ulster Council), bhí sé ag traenáil le chlub i Muineacháin, An Chorr Dhubh (Corduff).
Deimhníodh an cinneadh deiridh ar an gcás a thug Gallagher i ráiteas fada ar shuíomh Gréasáin an Údarás Réitigh Díospóidí Dé Céadaoin.
Chuaigh Gallagher i gceannas ar Dhoire in 2019 agus threoraigh sé an contae ó Roinn 3 go Roinn 1 sa tSraith Náisiúnta agus an chéad choróin ag Cúige Uladh a bhaint amach i 24 bliain le bua deiridh 2022 in aghaidh Dhún na nGall.
Ghlac Ciaran Meenagh ceannas eatramhach (temporary charge) go dtí deireadh shéasúr 2023 tar éis do Gallagher imeacht sular deimhníodh gurb é Mickey Harte an fear nua a bheadh i gceannas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.