Chuir an Late Late Show cosc ar T-léine le ‘Gaza’ agus croí air

Bhí an grúpa ‘Women in Harmony’ ag tabhairt ómós do Sinéad O’Connor ar an Late Late Show ach iarradh ar bhaill suaitheantais (badges) na Palaistíne a bhaint

Bhí raic mar gheall ar Gaza, RTÉ agus an Late Late Show tar éis dóibh a rá le ceoltóirí ar an seó gan siombailí nó teachtaireachtaí a chaitheamh chun tacú leis an bPalaistín.

D’admhaigh RTÉ gur dúirt siad le ceoltóirí nár cheart éadaí ná oiriúintí (accessories) ar son Palaistín a chaitheamh le linn léirithe ar an seó.

Iarradh ar dhaoine ar an Late Late Show siombailí a bhaint a léirigh tacaíocht do na Palaistínigh
Iarradh ar dhaoine ar an Late Late Show siombailí a bhaint a léirigh tacaíocht do na Palaistínigh

Bhí an grúpa Irish Women in Harmony ag tabhairt ómós do Shinéad O’Connor ar an Late Late Show oíche Dé hAoine seo caite.

Dúirt Ealaíontóirí Éireannacha don Phalaistín (Irish Artists for Palestine), áfach, gur iarradh ar bhall den ghrúpa, roimh an léiriú, athrú as T-léine a raibh an focal ‘Gaza’ air le pictiúr de chroí.

Iarradh ar dhaoine eile siombailí a bhaint a léirigh tacaíocht do na Palaistínigh.

Dúirt RTÉ go n-iarrtar ar rannpháirtithe gan éadaí a bhaineann le ‘dearcadh amháin’ a chaitheamh, dúirt siad go raibh sé sin mar chuid dá treoirlínte neamhchlaontachta.

Dúirt siad nach raibh an choimhlint in Gaza ina ‘ábhar díospóireachta’ le linn an léirithe.

Dúirt urlabhraí i ráiteas: ‘Leanann ábhar RTÉ go léir treoirlínte soiléire maidir le neamhchlaontacht.

‘Tá sé mar aidhm ag RTÉ díospóireacht oscailte a éascú ar cheisteanna a bhaineann le leas agus imní an phobail.

‘Mar sin, iarraimid ar rannpháirtithe gan suaitheantais (badges), siombailí nó comharthaí a bhaineann le dearcadh amháin a chaitheamh in éagmais fóram chun gach dearcadh a léiriú.

‘Thug an grúpa Women in Harmony ómós do Shinéad O’Connor.

‘Ní raibh Gaza agus an choimhlint ina ábhar díospóireachta an uair seo.’

Cáineadh an t-aistriú ar na meáin shóisialta, áfach, agus dúirt go leor daoine go mbeadh Sinéad O’Connor feargach (outraged) faoi chinneadh RTÉ.

sineadFeat
Sonéad O’Connor

Chuir daoine eile pictiúir ar X d’ambasadóir Iosrael go hÉirinn Dana Erlich, agus í ar RTÉ le suaitheantas ar son Iosraelach air.

Agus bhí bratacha na hÚcráine ag go leor tráchtairí i bhfianaise nach raibh RTÉ den tuairim chéanna agus iad ag déileáil le hionradh na Rúise ar an Úcráin.

Bhí clár speisialta den Late Late Show ann, i mí an Mhárta 2022, a bhí tiomnaithe do ghéarchéim na hÚcráine agus chun cistí ríthábhachtacha a chruinniú do dhaoine a ndeachaigh ionradh na Rúise i bhfeidhm orthu.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram