B’fhéidir go bhfuil, nó b’fhéidir go won’t! … An mbeidh Redmond an ‘Joe Duffy nua’?

22/02/2024

Talk ta Brian! Dúirt ceannaire RTÉ nach bhfuil conradh nua ag teastáil ag Joe Duffy, mar sin an mbeidh an breitheamh ar Dancing With The Stars Brain Redmond mar láithreoir nua ar Liveline?

Tá daoine ag caint faoi ‘Jivetime’ cheana féin mar cheap siad go raibh Brain Redmond ag magadh agus é ag caint faoi féin mar ‘an Joe Duffy nua’.

 D’ainmnigh Redmond, an breitheamh ar Dancing With the Stars, é féin mar an ‘Joe Duffy nua’ i measc na tuairimíochta faoi Joe Duffy ag éirí as Liveline.

‘Is mise Joe Duffy nua le beagán de Claire Byrne nuair is mian liom a bheith,’ a deir Brian Redmond
‘Is mise Joe Duffy nua le beagán de Claire Byrne nuair is mian liom a bheith,’ a deir Brian Redmond

Tá Joe ag obair le RTÉ ó 1989, tar éis dó tosú amach mar léiritheoir agus téann a chonradh (contract) reatha in éag in 2025.

Bhí tuairiscí níos luaithe sa mhí ag rá go mbeidh sé ag fágáil RTÉ, agus dúirt an Ard-Stiúrthóir Kevin Bakhurst go bhfuil sé ‘ráite ag Joe’ nach bhfuil sé ag lorg conradh nua nuair a bheidh an conradh críochnaithe aige’.

Má éiríonn Joe as Liveline ceaptar anois gurb é Redmond an duine ceart le teacht ina áit.

Cosúil le Joe, tá cáil ar Redmond as a mheon féin a nocht i gcónaí agus tá scileanna aige ag obair i raidió freisin – agus é ag óstáil seó raidió trí huaire an chloig ar KCLR ó Luan go hAoine.

Kevin Bakhurst
Kevin Bakhurst

‘Agus mé beagáinín “bigheaded”, sílim gur ardú meitéarach (meteoric ríse) a bhí ann ag dul ó bheagán obair ag an deireadh seachtaine go dtí príomhsheó cainte na maidine,’ a dúirt sé.

‘Is mise Joe Duffy nua le beagán de Claire Byrne nuair is mian liom a bheith,’ a dúirt Redmond leis an Irish Sun.

Dúirt sé: ‘Is onóir é a bheith ar an raidió áit ar bith ach bheadh brú breise ag baint le bheith in ann craoladh do lucht éisteachta náisiúnta.’

Thagair Joe dá ról féin le déanaí agus é ag caint le duine ar Liveline. Dúirt an fear leis na héisteoirí gur taispeánadh an doras dó agus nach raibh fáilte roimhe i bpictiúrlann Savoy, i mBaile Átha Cliath, toisc nach raibh aige ach airgead tirim (cash).

Mar fhreagra, dúirt Joe: ‘Sin frása iontach, Noel. Tá scéal i gcúig pháipéar ag rá go dtaispeánfar an doras dom i mí an Mheithimh (June) dhá mhí dhéag. Ach sin an chéad uair a chuala mise faoi.

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst go bhfuil sé ‘ráite ag Joe’ nach mbeidh sé ag lorg conradh nua
Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst go bhfuil sé ‘ráite ag Joe’ nach mbeidh sé ag lorg conradh nua

‘Agus deir RTÉ nach bhfuil conradh nua ag teastáil uaim, sin an chéad uair a chuala mé faoi sin freisin,’ a dúirt sé.

Ina dhiaidh sin, ghlaoigh bean isteach ag rá go bhfuil súil aici nach bhfuil Joe ‘ag dul aon áit’, rud a d’fhág go ndearna Joe iarracht an t-ábhar a athrú.

Ach dúirt sé: ‘Níor chuala mé riamh trácht ar aon duine ag caint faoina chonradh bliain go leith sula mbíonn sé suas, nó cinneadh a dhéanamh… Anois ní féidir liom cead a thabhairt duit labhairt fúm ar mo chlár,’ a dúirt sé magadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram