Nach seoid sibh! Gabhann Crowe a leithscéal ó lucht BÁC le greann

21/02/2024

Tá réalta Hollywood Russell Crowe ag teacht ar ais chun ceol a sheinm lena bhanna anseo – más féidir leis muid a aimsiú!

Tá Russell Crowe ag ithe ‘crow’! Tá leithscéal gafa ag Crowe as botún a rinne sé maidir le Baile Átha Cliath – agus é ag aistriú ár bpríomhchathair amach as Éirinn agus as an Aontas Eorpach agus isteach sa Ríocht Aontaithe.

Cé go bhfuil sé ar cheann de na réaltaí is mó i Hollywood, tá Crowe fós i mbun ceoil lena bhanna an Indoor Garden Party.
Cé go bhfuil sé ar cheann de na réaltaí is mó i Hollywood, tá Crowe fós i mbun ceoil lena bhanna an Indoor Garden Party.

Rinne an t-aisteoir an botún agus é ag caint faoin seó beo a mbeidh ar siúl aige i mBaile Átha Cliath, cé go raibh sé gasta é féin a cheartú. Agus anuas ar sin ghlaoigh sé seod (jewel) ar lucht Bhaile Átha Cliath.

Cé go bhfuil sé ar cheann de na réaltaí is mó i Hollywood, tá Crowe fós i mbun ceoil lena bhanna an Indoor Garden Party.

Tá an banna, a bhí ag seinm roimhe seo in Amharclann an Olympia i 2017, ag postáil ar na meáin shóisialta le seachtainí beaga anuas faoi chamchuairt nua.

Mar sin féin, d’ainmnigh Crowe, buaiteoir Oscar, Baile Átha Cliath trí thimpiste faoi na háiteanna a mbeidh siad ag tabhairt cuairte orthu mar chuid dá ‘turas RA [Ríocht Aontaithe]’ i dtvuít oíche Máirt.

Ag gabháil a leithscéal as an mbotún, dúirt Crowe:’ Ceartú. Éire i mí Iúil, Baile Átha Cliath. Gigeanna RA sa mhí chéanna Warrington, Londain, Leeds, Inbhir Nis (Inverness).’

Agus é ag magadh ag an am céanna dúirt Crowe gur chuir sé na smaragaidí (emeralds) leis an ngual (coal).

Chuir sé an milleán as an botún ar a sceideal oibre gnóthach.

‘Ceart go leor dóibh siúd a thuigeann … Ní féidir liom a chreidiúint gur chrom mé na smaragaidí (emeralds) leis an ngual, haha. Tóg go bog é le fear atá  an iomarca liathróid san aer aige?’

Le blianta beaga anuas bhí nasc láidir ag Crowe le hÉirinn, tar éis dó a scannán uafáis (horror film) The Pope’s Exorcist a scannánú i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin (Wicklow) agus i Luimneach (Limerick).

‘Beidh muid ann. Oíche Luain. 1 Iúil. Gan “exorcisms” an uair seo, ach beidh piontaí agus scéalta againn, agus beidh a fhios agam go díreach cá bhfuil mé,’ a dúirt sé.

Le linn a chuid ama anseo, chruthaigh sé cairdeas láidir le Ryan Tubridy, ar chaith sé an samhradh ag imirt leadóige (tennis) leis
Le linn a chuid ama anseo, chruthaigh sé cairdeas láidir le Ryan Tubridy, ar chaith sé an samhradh ag imirt leadóige (tennis) leis

Le linn a chuid ama anseo, chruthaigh Crowe cairdeas láidir le hiar-láithreoir an Late Late Show Ryan Tubridy, ar chaith sé an samhradh ag imirt leadóige (tennis) leis.

Ag labhairt dó le Ryan ar Virgin Radio i mí Eanáir, dúirt Crowe: ‘Ar mhínigh tú don lucht éisteachta cé chomh bán is atá do chosa? Ba cheart rabhadh (warning) a thabhairt dóibh mar gurbh fhéidir go gcaithfeá bríste gearr an samhradh seo chugainn agus tosóidh leanaí ag caoineadh.

‘Is imreoir leadóige é Ryan agus sa spórt sin caitheann formhór na n-imreoirí brístí gearra. Sin an fáth go bhfuil a fhios agam dath cosa Ryan –nó easpa dath,’ a dúirt Crowe.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram