

Ní ró-fhada anois go mbeidh Seachtain na Gaeilge le Energia linn – agus is ag an am seo a cloisfimid faoi an Ghaeilge agus an CLG i- agus Seán O’Shea.
D’fhógair an CLG go mbeidh Seán O’Shea mar Ambasadóir Gaeilge an CLG do 2024. Agus cé go bhfuil roinnt magadh á dhéanamh ar an nGaeilge, agus ar Ghaeilgeoirí, le déanaí, bhí laoch peile Chiarraí bródúil as labhairt ar son a theanga dhúchais

I measc na n-imeachtaí suntasacha ina shaol go dtí seo tá a chic saor sa nóiméad deireanach sa chluiche leathcheannais in aghaidh Bhaile Átha Cliath in 2022, a bhuaigh an cluiche do Chiarraí; agus a óráid tar éis an bua a fháil i gCraobh na hÉireann an bhliain sin, as an méid Gaeilge a labhair sé.
Ón am a thosaigh sé ag imirt do Chiarraí in 2018 tá cúig theideal na Mumhan aige, tá dhá Chraobh Náisiúnta aige agus tá bonn Chraobh na hÉireann buaite ag Seán freisin, in 2022, agus bhí sé ina chaptaen ar fhoireann Chiarraí ar an lá cáiliúil sin.
‘Tá d’fhéiniúlacht uathúil (unique identity) féin agat mar thír, tá do theanga féin agat, agus más féidir leat í a úsáid tá sé an-tábhachtach do mhuintir na tíre seo amach anseo.’
Seán O’Shea
Tá dhá ‘All-Stars’ buaite ag Seán go dtí seo freisin.
‘Is mór an onóir é seo,’ a dúirt Seán Déardaoin. ‘Is deas an rud é a dhéanamh don bhliain.
‘Tá ceangal mór idir an Ghaeilge agus an CLG agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go n-aithneoimid é sin agus go ndéanaimid iarracht an teanga a chur chun cinn tríd an CLG oiread agus is féidir linn.
‘Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach go gcoinneoimis greim air.
Tá d’fhéiniúlacht uathúil (unique identity) féin agat mar thír, tá do theanga féin agat, agus más féidir leat í a úsáid tá sé an-tábhachtach do mhuintir na tíre seo amach anseo.’
Is múinteoir Gaeilge agus Tíreolaíochta é Seán, i bPobalscoil Inbhear Scéine ina bhaile dúchais, Neidín (Kenmare) i gCiarraí.
Mar chuid dá ról, beidh Seán ag tacú agus ag cuidiú le cur chun cinn scéimeanna Gaeilge CLG, tionscnaimh agus imeachtaí ar nós Cuaille (irisleabhar Gaeilge ar líne an CLG), Lá Mór na Gaeilge, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus na cluichí ‘GAAgaeilge Go’ a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh níos déanaí i mbliana.
Gabhann Seán an ceannas ó iománaí an Chláir (Clare hurler) Paul Flanagan mar Ambasadóir Gaeilge CLG.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.