‘Chuir lucht leanúna brú ar mo theaghlach’: Labhraíonn an laoch iomána, Austin Gleeson, faoin bhfáth a bhfuil sé ag glacadh sos

16/02/2024

Míníonn réalta iománaíochta Austin Gleeson go raibh cáineadh ó lucht leanúna Phort Láirge ar cheann de na cúiseanna ar ghlac sé sos ón iománaíocht dá chontae.

Tá an laoch iomána Austin Gleeson tar éis labhairt faoin spreagadh a bhí taobh thiar dá chinneadh sos a ghlacadh ó phainéal iomána Phort Láirge (Waterford), agus dúirt sé go raibh mí-úsáid ó lucht leanúna mar chuid den chúis.

D’inis Gleeson go raibh cáineadh ó lucht tacaíochta Phort Láirge dírithe air féin agus ar a mhuintir, agus nach raibh sé chun cur suas leis a thuilleadh.

Austin Gleeson
Austin Gleeson

Dúirt sé: ‘Ag rá rudaí le mo theaghlach nuair a théann siad chuig na siopaí, bheifeá ag smaoineamh, “cén fáth a bhfuil siad ag caint mar sin leo, ní raibh siad ar an bpáirc, cén fáth a gcuirtear ceisteanna orthu?”’

Shocraigh Gleeson, mí Mheán Fómhair (September) seo caite, go n-imeodh sé ar shiúl ar feadh bliana agus go bhfaigheadh sé am ‘headspace’ is fearr dó féin.

Dúirt an réalta Phort Láirge, a imríonn iománaíocht chlub do Mount Sion, ag an am, nach mbeadh baint aige le painéal an chontae do 2024, sin deich mbliana ar aghaidh óna chéad chluiche in 2014.

D’fhulaing Gleeson, iar-Iománaí na Bliana agus iar-Iománaí Óg na Bliana, gortuithe anuraidh agus níor tháinig sé ach den bhinse i gcluichí in aghaidh Luimnigh agus Chorcaí.

Spreag tosaithe in aghaidh Thiobraid Árann roinnt dóchais ach chuir gortú leise (thigh injury) bac ar imirt sa chluiche in aghaidh an Chláir.

Dúirt Gleeson: ‘Déarfainn b’fhéidir gurbh é 2022 a bhí ann agus mé ag ceapadh go raibh orm an sos seo a ghlacadh chun mé féin a chur sa “headspace” is fearr arís.

‘Bhí mé thíos leis i gcónaí. Bhí mé chun é a dhéanamh anuraidh ach bheartaigh mé dul ar ais isteach ann. Níor tharla sé i 2023, ach is í 2024 an bhliain a tharlóidh sé.

‘Ní raibh mé ag baint sult as ar chor ar bith, le bheith iomlán macánta. Is dócha go raibh tionchar níos mó ag an gcáineadh, laistigh agus lasmuigh den chontae, orm ná mar a thuig mé ag an am, agus ní raibh mé ag baint taitneamh as. Bhraith mé go raibh mé ann le daoine eile a shásamh.

Dúirt Gleeson, áfach, go bhfuil sé ag baint suilt as a shos agus go bhfuil súil aige filleadh ar an taobh Port Láirge tar éis bliain.

 ‘Tá mé ag baint sult as a bheith in ann mo scíth a ligean. Gan dul síos an tsráid agus ceisteanna éagsúla a chur ort, ach a bheith in ann stop a chur leis an gclub agus taitneamh a bhaint as,’ a dúirt Gleeson.

‘Nílim ar ais ach ag déanamh píosaí beaga agus táim ag baint an-taitneamh as, le bheith macánta.

‘Gan brú ort, gan breathnú thar do ghualainn ag smaoineamh go bhfuil duine ag féachaint ort ag rá “ah, ní raibh mórán maitheas leis an tseachtain seo caite” nó “níl sé ag traenáil” nó rudaí mar sin. Rudaí beaga, ach tá a fhad níos mó i gceist, i ndáiríre,’ a dúirt Gleeson.

gleeson1

‘Ag rá rudaí le mo theaghlach nuair a théann siad chuig na siopaí, bheifeá ag smaoineamh, “cén fáth a bhfuil siad ag cain mar sin leo, ní raibh siad ar an pháirc, cén fáth a gcuirtear ceisteanna orthu?” mar sin bíonn éifeacht aige.

‘Tá daoine áirithe atá dul i bhfeidhm  ort agus ansin é a scaipeadh timpeall.’

Dúirt Gleeson: ‘Bíonn lucht leanúna Phort Láirge ar fheabhas nuair a éiríonn go maith leo ach nuair a bhíonn siad go holc is dócha gurb iad na cinn is measa.

‘Is áit dheacair é a bheith ann nuair nach bhfuil rudaí ag dul i gceart. Níl le déanamh agat ach iarracht a dhéanamh é a sheachaint agus i mbliana, le buíochas, ní bheidh orm é a sheachaint.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram