Chonacthas an réalta Hollywood Jamie Foxx arís ag baint sult as béile i mbialann mhóréilimh i mBaile Átha Cliath.
Ag tabhairt faoi na meáin shóisialta oíche Chéadaoin, roinn úinéir Rosa Madre @rosamadredublin, i mBarra an Teampaill (Temple Bar), Luca De Marzio, pictiúir de féin taobh leis an réalta scannáin.
Dúirt Luca gur ‘fhear uasal’ agus ‘laoch’ é Foxx. Bhí an duine iomráiteach ar a suaimhneas agus thóg sé am saor óna sceideal gnóthach scannánaíochta.
Dúirt úinéir an bhialann: ‘Tá áthas orainn an duine uasal seo a bheith linn don dinnéar anocht @iamjamiefoxx!
‘Duine iontach, thóg sé an t-am chun grianghraif a ghlacadh leis an bhfoireann ar fad. Fadhb ar bith! Laoch.’
Glactar leis go bhfuil Jamie anseo arís le haghaidh oibre, chonacthas an réalta in Éirinn cheana féin i mBealtaine 2022.
Chonacthas an t-aisteoir, amhránaí agus fear grinn, atá 54 bliain d’aois, freisin ag fágáil Brown Thomas ar Shráid Grafton agus málaí siopadóireachta dearthóra aige.
Stop Foxx, atá ina bhuaiteoir Oscar, le haghaidh grianghraf le lucht leanúna agus é ag baint sult as bialann breá i lár na cathrach.
Tuairiscíodh níos luaithe an bhliain sin go raibh Foxx i mBaile Átha Cliath chun sraith seó cluichí teilifíse (TV game shows) dar teideal Beat Shazam a chur i láthair, inar féidir le hiomaitheoirí suas le $1 milliún a bhuachan i nduaiseanna.
Bíonn Fixx ina chomhóstach ar an seó in éineacht lena iníon Connie.
Ar an drochuair, b’éigean dó stop a chur leis an scannánaíocht a bhí ar siúl ag Foxx in 2021 mar gheall ar Covid-19 i stiúideonna Fonthill in iarthar Bhaile Átha Cliath.
Bhuaigh Foxx, a bhfuil a fhíorainm Eric Marlon Bishop, Oscar as a bheith i ról Ray Charles sa scannán Ray, a rinneadh in 2004.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.