Tá an CLG ar nós na ‘Tories’, a deir Dónal Óg

12/02/2024

Tá iar-laoch iomána Chorcaí Dónal Óg Cusack ag cáineadh an CLG as fadhbanna Páirc Uí Chaoimh

Caithfidh go raibh an cluiche mór a chaill siad sa bhaile i gcoinne Chill Chainnigh dona go leor do lucht CLG Chorcaí, ach bhí orthu cur suas le Dónal Óg Cusack á cur i gcomparáid leis na ‘Tories’ sa Bhreatain.

Ní raibh Cill Chainnigh ar a ndícheall in aghaidh Loch Garman an tseachtain seo caite ach bhí siad an deireadh seachtaine seo in aghaidh Chorcaí nuair a bhuaigh siad an cluiche ag Páirc Uí Chaoimh 0-21 in aghaidh 1-17.

donal 1
Dónal Óg Cusack

Tá an-chuid caint faoi Pháirc Uí Chaoimh le tamall anuas mar gheall ar an margadh urraíochta (sponsorship deal) nua atá acu le SuperValu – agus anois tá Dónal Óg ag gearán faoi CLG Chorcaí agus an CLG féin mar gheall air.

Ag labhairt dó tráthnóna Dé Sathairn roimh an gcluiche idir Corcaigh agus Cill Chainnigh ina gcluiche sraithe iomána, cháin Dónal Óg an CLG as an gcaoi ar éirigh leo Pháirc Uí Chaoimh a thógáil agus an tionchar a bheidh aige ar CLG Chorcaí amach anseo.

Dúirt Dónal Óg: ‘I ndáiríre, tá cloch mhuilinn (millstone) ollmhór fágtha thart ar mhuiníl Chorcaí. Labhraíonn siad faoi €30 milliún atá imithe isteach sa staidiam, an mbeidh a fhios againn go deo cé mhéad a caitheadh air?

‘Ní féidir leat a rá liom nach mbeidh tionchar aige sin ar imreoirí Chorcaí amach anseo.

‘Is ceist níos mó í leis an CLG. Caithfidh tú breathnú ar an méid staidiam atá againn. Tá an iomarca staidiam againn, táimid ag infheistiú an iomarca airgid i staidiamaí.’

Dúirt Dónal Óg: ‘Cathain a bheidh CLG chun freagracht a ghlacadh? Sin iad na daoine a spreag é seo go léir.

‘Ba é an CLG a shocraigh Páirc an Chrócaigh a thógáil, ba é an CLG a chinn na hainmneacha a chur ar na geansaithe, ba é an CLG a chinn na cearta teilifíse a dhíol.

‘Chuirfeadh sé na Tories sa Ríocht Aontaithe i gcuimhne duit, agus iad ag cur an milleán ar gach duine eile agus ag cur an milleán ar na hinimircigh as a gcuid botúin féin.

Dónal Óg Cusack
Páirc Uí Chaoimh

‘Cathain a fheicfimid Tom Ryan le tuairisc agus a rá “Táim ag glacadh freagrachta as seo agus táim ag glacadh freagrachta as an staidiam seo’?”

‘Tá an CLG chomh freagrach le Corcaigh as na fiacha (debt) atá anseo. Cheadaigh siad go léir é. Tá Tom Ryan ina stiúrthóir airgeadais ó 2007 i leith.

‘Nuair a deirim gur staidiam deas é seo le teacht anocht le féachaint ar chluiche, tá sé cosúil le dul isteach i dteach lánúine éigin áit a bhfuil seomra deas tosaigh acu, ach níl aon dinnéar acu ar an mbord.’

Dúirt sé: ‘Bhí rialachas sa staidiam seo a chuirfeadh náire ar Nero. Tá a fhios againn go léir faoi seo.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: CLG

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram