Teachtaí Dála tuaithe (rural) ag dul le chéile chun páirtí nua a bhunú

12/02/2024

Tá Michael Fitzmaurice TD ag dul leis an bpáirtí Independent Ireland anois, agus deir siad go bhféadfadh ‘ainm mór’ a bheith acu mar iarrthóir toghcháin i mBaile Átha Cliath

Tá Michael Fitzmaurice TD ag dul leis an bpáirtí nua Independent Ireland. Le toghcháin Eorpacha agus áitiúla ag dul ar aghaidh i mbliana agus olltoghchán an bhliain seo chugainn, nó níos luaithe, tá polaiteoirí ag cruthú comhghuaillíochtaí (alliances) nua.

Anois tá Fitzmaurice, a bhí beartaithe aige a pháirtí féin a bhunú, tar éis dul le Michael Collins TD agus Richard O’Donoghue TD, a bhunaigh a bpáirtí féin, Independent Ireland.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW
Michael Fitzmaurice TD ag dul leis an bpáirtí nua Independent Ireland
Michael Fitzmaurice TD ag dul leis an bpáirtí nua Independent Ireland

Dúirt Fitzmaurice: ‘Bhí sé ar intinn agam páirtí nua a chur ar bun ach thángthas ar an gconclúid: nílimid ag iarraidh go mbeadh scoilt idir daoine leis an bhfís chéanna.

‘Is rómhinic a scarann daoine neamhspleácha agus páirtithe nua isteach i gcampaí deighilte nuair is gá le haontacht, idirphlé agus uaireanta comhréiteach.’

Dúirt Collins go bhfuil siad níos fearr le chéile, ag obair le Fitzmaurice in ionad páirtithe difriúla a bheith ag lorg na vótálaithe céanna.

Richard O’Donoghue TD
Richard O’Donoghue TD

Dúirt sé go raibh ‘a lán agallamh’ á dhéanamh acu agus go raibh ‘iontas’ orthu faoi líon na ndaoine a ghlac páirt sa phríomhchathair.

‘Tá an fhoireann bheag ach b’fhéidir gurb é sin an rud is fearr,’ a dúirt sé.

Dúirt sé go mbeadh Fitzmaurice ag seasamh don pháirtí sa chéad olltoghchán eile. Dúirt an TD, áfach, go bhféadfadh sé seasamh sna toghcháin Eorpacha.

Nuair a fiafraíodh de an raibh an páirtí ag labhairt le hiarrthóirí a d’fhéadfadh seasamh sna toghcháin Eorpacha, dúirt Collins: ‘Ní nochtfaidh mé cé leis a bhfuil muid ag caint ach déarfaidh mé leat gur ainmneacha móra iad. Tá iarrthóir mór againn, ainm mór i mBaile Átha Cliath.’

Michael Collins TD
Michael Collins TD

Tuigtear go bhfuil iarrthóirí eile ar nós Kevin ‘Boxer’ Moran i mbun cainteanna leo agus tá an páirtí ag labhairt freisin le duine a cheapann siad atá ina iarrthóir ‘an-láidir’ i dTiobraid Árann.

Dúirt Collins go bhfuil sé mar aidhm ag an bpáirtí idir 10 agus 15 suíochán a fháil sa chéad olltoghchán eile.

Tá súil acu 50 suíochán a fháil i dtoghcháin na gcomhairlí áitiúla (local council elections), agus an páirtí ag iontráil iarrthóirí i ngach ceann de na toghcheantair Eorpacha.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram