Thabharfadh triúr as gach ceathrar feirmeoirí tacaíocht do pháirtí feirmeoirí

10/08/2023

Léiríonn suirbhé nua go bhfuil tacaíocht Fhine Gael i measc feirmeoirí ag titim i gcónaí

Thabharfadh triúr as gach ceathrar feirmeoirí tacaíocht do pháirtí feirmeoirí sa chéad toghchán eile, dá mbeadh ceann  ar an bpáipéar ballóide.

Tá níos mó agus níos mó feirmeoirí ag seasamh in aghaidh an Chomhaontais Ghlais sa Rialtas agus ceannaire a pháirtí Eamon Ryan.

feirmeoiríMichael Fitzmaurice
Michael Fitzmaurice

Tá sé léirithe ag suirbhé go dtabharfadh thart ar 72% d’fheirmeoirí a vóta céad rogha do pháirtí feirmeoirí dá dtiocfadh páirtí dá leithéid chun cinn.

Ba é an Irish Farmers Journal a rinne an pobalbhreith agus rinne sé suirbhé ar 1,980 feirmeoir.

Rinne Comharchumann Cuntas Feirme na hÉireann (Irish Farm Accounts Co-operative, IFAC) anailís air agus rinneadh é idir 24 agus 27 Iúil.

Foilsíodh roimhe seo in ExtraG.ie go bhfuil páirtí polaitíochta nua á phleanáil chun feachtasaíocht a dhéanamh ar son feirmeoirí agus cúrsaí tuaithe – agus é mar aidhm acu 15 shuíochán a bhuachan sa Dáil agus ról sa Rialtas a bheith acu freisin.

Dúirt an TD as Ros Comáin-Gaillimh Michael Fitzmauricego mbeadh tacaíocht aige do pháirtí le pleananna chun seasamh in aghaidh bheartais an Chomhaontais Ghlais.

Dúirt sé ag an am: ‘Is é seo an babhta deireanach sa troid ar son na tuaithe in Éirinn.’

Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue
Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue

Agus níos mó suíochán ar fáil sa chéad toghchán eile, dúirt an tUasal Fitzmaurice go mbeidh suíocháin ann do pháirtí nua a bheidh ag troid i gcoinne chlár oibre an Chomhaontais Ghlais.

Dúirt sé go bhfuil fuath do pholasaithe an Chomhaontais Ghlais i gceantair thuaithe, agus go háirithe i measc an phobail feirmeoireachta.

Ó d’éirigh go maith leis an bpáirtí saoránach feirmeoirí san Ísiltír i mí an Mhárta seo caite, tá plé ar bun maidir le féidearthacht páirtí feirmeoirí Éireannacha.

Chuir páirtí feirmeoirí stangadh as polaitíocht na hÍsiltíre nuair a fuair siad beagnach 20% den vóta sna toghcháin cúige, ag tógáil 15 suíochán agus ag éirí mar an páirtí is mó i dteach uachtarach na parlaiminte.

Bunaíodh an ghluaiseacht Feirmeoirí-Saoránaigh (Farmer-Citizen movement, BBB) in 2019 de bhun agóidí forleathan feirmeoirí.

Tá sé ag iarraidh bac a chur ar phleananna an rialtais chun astaíochtaí díobhálacha nítrigine (harmful nitrogen emissions) a laghdú trí líon beostoic (livestock) a laghdú go mór agus na mílte feirmeacha a cheannach.

farmCows8

Léiríonn an suirbhé nua freisin go bhfuil tacaíocht Fhine Gael i measc feirmeoirí ag titim i gcónaí, cé go bhfuil sé fós ar an rogha is coitianta i measc feirmeoirí.

Tacaíonn thart ar 34% d’fheirmeoirí le Fine Gael, laghdú 4% ó mhí na Nollag seo caite nuair a rinneadh suirbhé inchomparáide.

Tá tacaíocht do neamhspleácha ag 24%, chun tosaigh ar Fhianna Fáil ag 23% agus Sinn Féin ag 12%.

Nuair a fiafraíodh de a dtuairimí faoin gcaoi a bhfuil ag éirí leis an Aire Talmhaíochta Charlie McConalogue ina phost, níor dúirt ach 21% de na freagróirí go bhfuil jab maith á dhéanamh aige, laghdú ó 37% i mí Eanáir seo caite.

Léiríonn an suirbhé freisin go bhfuil 80% d’fheirmeoirí ag súil go dtitfidh a n-ioncam i mbliana agus go bhfuil costas maireachtála ardaithe ag dul i bhfeidhm ar 98% de theaghlaigh feirmeoireachta.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram