Tá reachtaíocht os comhair na Dála a thabharfaidh athruithe ar pleanáil – ach mura ndéantar leasuithe air dhéanfadh sé dochar do cheantair Ghaeltachta agus don Ghaeilge.
Mar sin beidh léirsiú (demonstration) lasmuigh den Dáil ag 1.i.n Dé Máirt na seachtaine seo, an t-am céanna a bheidh na Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag plé na reachtaíochta nua.
Is iad ár gceantair Ghaeltachta, ó bunaíodh iad, an fhoinse ina ndéantar ár dteanga dhúchais a athnuachan agus a choinneáil beo.
Tá fócas athnuaite ar an nGaeilge laistigh den chóras oideachais, sa státseirbhís agus ar fud an Aontais Eorpaigh faoi láthair ach má tá na pobail Ghaeltachta faoi bhagairt déanfar dochar do na hiarrachtaí sin.
Tá Éire ag éirí ina tír ilchultúrtha agus ilteangach, mar sin féin, is iad na ceantair Ghaeltachta foinse ár gcultúr agus ár dteanga.
Má leanann na ceantair Ghaeltachta de bheith i mbaol mar gheall ar reachtaíocht phleanála d’fhéadfadh go dtiocfadh Éire ina tír ina bhfuil go leor teangacha ann – seachas ár dteanga féin.
Tá an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ag dul tríd an Dáil faoi láthair, reachtaíocht a bhfuil sé mar aidhm aici athchóiriú iomlán a dhéanamh ar an gcóras pleanála agus forbartha sa tír seo.
Tá tábhacht nach beag an mBille seo d’inmharthanacht phobail na Gaeltachta i gcomhthéacs na géarchéime pleanála agus tithíochta sna ceantair Ghaeltachta éagsúla.
Tá cúpla mí caite ag Conradh na Gaeilge ag cíoradh an Bhille, agus neart leasuithe curtha le chéile agus pléite le Teachtaí Dála éagsúla le dul i ngleic leis an ngéarchéim seo.
Cuirfidh an Roghchoiste um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht tús lena phlé ar na leasuithe Dé Máirt agus tá sé beartaithe ag an Meitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, i gcomhpháirt le grúpaí eile, an léirsiú a dhéanamh lasmuigh de Theach Laighean ar a 1in ar an Máirt, ag teacht le céad chruinniú an Choiste, chun géarchéim tithíochta na Gaeltachta a chur ar shúile na bpolaiteoirí.
Chomh maith leis sin tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Theachtaí Dála agus ar Sheanadóirí glacadh leis na moltaí atá á gcur chun cinn, chun ár gceantair Ghaeltachta a chosaint.
Tá na leasuithe simplí agus níl siad beartaithe ach chun a chinntiú go gcosnófar na ceantair Ghaeltachta.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.