Éire in aghaidh an ‘Sean-Naimhde (Old Enemy)’ – agus níl bainisteoir againn

09/02/2024

Tá foireann imreoirí óga ag Éirinn atá ag dul i bhfeidhm ar lucht leanúna dá gclubanna i Sasana agus in Albain ach tabharfaidh muid aghaidh ar roinnt foirne diana i Sraith na Náisiún UEFA: Cá bhfuil an bainisteoir nua?

Beidh ar fhoireann na hÉireann cluichí a imirt i gcoinne roinnt foirne deacra tar éis torthaí na tarraingthe (draw) do Shraith na Náisiún UEFA a nochtadh.

Beidh ár bhfoireann sa ghrúpa céanna le Sasana – an sean-naimhde – ach níl bainisteoir ag an bhfoireann go fóil.

Tá na ‘Boys in Green’ arís i Sraith B don chomórtas, a thosóidh i mí Mheán Fómhair (September).

adam idah
Laoch nua na hÉireann, Adam Idah as Corcaigh

Cé nach bhfuil a fhios ag an bhfoireann fós cé a bheidh i gceannas ar an gcluiche tosaigh sin, tá aithne againn anois ar na trí náisiún eile a bheidh sa ghrúpa.

Tá Sasana, an Fhionlainn (Finland) agus an Ghréig (Greece) ar fad curtha taobh le hÉirinn i nGrúpa B2.

Níor imir Éire in aghaidh Shasana ó chaill muid 3-0 i gcluiche cairdiúil I 2020 i dtús ré Stephen Kenny.

Shroich Sasana, le Gareth Southgate mar bhainisteoir, cluichí ceannais Euro 2020 agus chuaigh siad chomh fada le cluichí leathcheannais Chorn an Domhain 2022.

Go suntasach, is é a bheidh i gceist leis an gcluiche in aghaidh Shasana ná an chéad chluiche iomaíoch (competitive game) in aghaidh an ‘Sean-Naimhde’ ó Mhárta 1991, nuair a fuair Niall Quinn cúl ag Staid Wembley agus chríochnaigh an cluiche 1-1.

Ó shin i leith, bhuail Éire le Sasana i gceithre chluiche cairdiúla idirnáisiúnta, agus b’éigean deireadh a chur leis an chéad cheann acu, i mí an Mhárta 1995, mar gheall ar fhoréigean ó lucht leanúna Shasana nuair a bhí Éire i gceannas 1-0.

Foireann óg laochra ag fanacht le ceannaire
Foireann óg laochra ag fanacht le ceannaire

Imríodh cluichí cairdiúla ina dhiaidh sin i Wembley i 2013 agus i Staid Aviva i 2015.

Dúirt stiúrthóir peile an FAI Marc Canham: ‘Tá sé deacair, ach spreagúil, roinnt cluichí iontacha agus is léir go bhfuil muid ag imirt Sasana don chéad uair le tamall anuas.’

Tugann Éire aghaidh ar chluiche eile in aghaidh na Gréige freisin tar éis dóibh tar éis dóibh dhá chluiche a chailleadh i mbabhta cáilithe (qualifying round) Euro 2024 in aghaidh an taobh atá á bhainistiú ag Gus Poyet.

Ní raibh mórán ratha ag Éirinn i Sraith na Náisiún go dtí seo agus níor bhuaigh muid aon chluiche amháin sna chéad dá fheachtas de chomórtas UEFA.

Chuir bua 3-0 in aghaidh Albain, i mí an Mheithimh 2022, deireadh le fanacht ceithre bliana le bua, ach chríochnaigh an fhoireann sa tríú háit ón ngrúpa ceithre fhoireann tar éis dóibh bua amháin eile a fháil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SACAR

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram