Tá polasaí aistrithe (transfer policy) nua ag Manchester United agus seo TRÍ imreoir nua atá uathu

08/02/2024

Táthar ag súil le hathruithe móra ag Manchester United agus Ratcliffe i gceannas, stiúrthóir nua peile ag teacht isteach agus pleananna chun níos mó imreoirí a cheannach

Tá Manchester United ag ullmhú d’athrú iomlán ar an mbealach a cheannaíonn agus a dhíolann siad peileadóirí i rith an tsamhraidh.

Agus is iad na himreoirí atá sa bhliain dheireanach ar chonradh le clubanna eile na roghanna is fearr leo, de réir na dtuairiscí is déanaí faoin gclub.

Tabharfar na hathruithe isteach mar go bhfuiltear ag súil go mbeidh smacht mór ag Jim Ratcliffe ar Manchester United le scaireanna mionlaigh (minority shares) aige.

Jim Ratcliffe agus Alex Ferguson
Jim Ratcliffe agus Alex Ferguson

Tá lucht leanúna ag súil freisin go dtiocfaidh stiúrthóir peile nua.

Tá Manchester United ag iarraidh go leor airgead a chaitheamh ach beidh orthu cloí le rialacha airgeadais na gclubanna sacair agus a chinntiú go bhfuil a gcuid scairshealbhóirí (shareholders) sásta gur féidir leo brabús a dhéanamh.

Sin é an fáth go bhfuil sé beartaithe acu imreoirí a cheannach atá ag druidim lena 12 mhí dheireanacha den chonradh.

Tá go leor margaí iasachta (loan deals) agus aistrithe in aisce (free transfers) faighte ag United ó tháinig an bainisteoir Erik ten Hag isteach i 2022.

Mar sin féin, d’íoc an club táillí aistrithe móra le haghaidh imreoirí móra le rá sa tréimhse chéanna.

Tá Antony ar bharr an liosta ó thaobh costais de – tar éis dóibh €95 milliún a íoc le Ajax dó díreach roimh shéasúr 2022/23.

Tá réaltaí eile – mar imreoir lár páirce Casemiro agus an tosaí Rasmus Hojlund – tar éis táillí móra a ghearradh dá gclubanna agus iad ag imeacht do Manchester United.

Anois thuairiscigh an láithreán gréasáin spóirt ESPN go bhfuil Joshua Kimmich ó Bayern München, Jonathan David ó Lille agus Khephren Thuram ó Nice i measc na roghanna atá Manchester United ag iarraidh ceannach le linn fhuinneog aistrithe (transfer window) an tsamhraidh seo chugainn –agus beidh an triúr as conradh i 2025.

man utd palace rain
Casemiro (clé) agus Rasmus Hojlund ó Manchester United Pic: Oli SCAFF / AFP

Tá United ag súil go mbeidh na himreoirí níos saoire mar ní bhfaighidh a gclub faic dóibh má fhanann siad leo ar feadh bliana eile.

Mar sin féin, ní féidir a bheith cinnte go dtarlóidh sé sin nuair a bheidh United i mbun caibidlíochta le clubanna eile – mar a tharla nuair a d’íoc siad suim mhór, €64 milliún, do Mason Mount, atá 24 bliain d’aois, an samhradh seo caite, in ainneoin go raibh sé ag dul isteach sa 12 mhí dheiridh dá chonradh Chelsea.

Tá gach club sa Phríomh-Sraith (Premier League) cúramach anois agus iad á chinntiú go ndéanann siad an rud ceart ó thaobh airgeadais de, go háirithe tar éis do Everton 10 bpointe a chailleadh de bharr sáruithe ar na rialacha.

Mar sin is cosúil go bhfuil United ag déanamh cinnte de go ndéanann siad rudaí ina gceart agus iad ag ullmhú do cheannairí nua agus na hathruithe a thabharfaidh siad leo.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram