Tháinig deireadh róghasta le saol bean óg ‘cineálta agus machnamhach’, dúradh leis na céadta duine agus iad bailithe le chéile chun ómós a thabhairt do Katie Graham,19, a fuair bás in éineacht le beirt eile i dtimpiste chairr amháin i gCo Cheatharlach.
Bhí súil ag Katie a bheith ina múinteoir bunscoile cosúil lena seanmháthair Shíle nach maireann.
De réir mar a tháinig cortege na sochraide ar thailte na heaglaise, bhí a chónra bán timpeallaithe ag fleasca (wreath) bláthanna bándearga agus bán agus ceann amháin ar a raibh a hainm.
Lean a tuismitheoirí agus a deirfiúr níos óige an cóiste marbh (hearse) ,ag tiomáint a BMW ar a raibh an t-uimhirphláta ‘Katie’.
Bhí a cairde agus a col ceathracha ag gol agus iad ag caitheamh ribíní bándearga, gorma agus glasa ina ngarda onóra agus seisear iompróir a cónra (pallbearers) á iompar isteach sa séipéal, arbh é Damien a hathair duine acu.
Dúirt an tAthair Pádraig Shelley, Sagart Paróiste Arles: ‘Is mór an brón a chruinnímid le chéile chun an t-sifreann seo do Katie a cheiliúradh inniu.
‘Dúirt bean liom i rith na seachtaine, “Cuireann sé seo isteach orainn go léir”, agus sílim go bhfuil sé fíor faoinár bpobal, sa pharóiste agus i gcéin, an ciorcal cairde a bhí ag Katie ar fud an réigiúin seo.
‘Chuir an tragóid a tharla i rith na seachtaine seo caite isteach go mór orainn go léir. Mar chomharsana, cairde agus paróiste, cruinnímid le chéile faoi bhrón agus cruinnímid le chéile chun tacú le teaghlach Katie.
‘A máthair Breda, a hathair Damien, a deirfiúr Laura, a seantuismitheoirí, Andy agus Mary, a haintíní, uncailí, col ceathracha agus an teaghlach sínte ar fad. Guímid síocháin agus neart Dé in bhur saol san aimsir uafásach seo ar bhur son.’
Thug a deirfiúr níos óige Laura agus roinnt dá col ceathracha roinnt siombailí a bhí tábhachtach do Katie chuig an altóir.
Thóg a col ceathrar Séamus grianghraf clainne, thug Laura an uimhirphláta a raibh a hainm air, thug Shane geansaí Chill Chainnigh leis mar ba bhreá léi taisteal chuig cluichí iomána, thug Sarah teidí léi, agus thug Amy a bosca seodra léi.
Fuair Katie, as Béal Átha na nGall, Baile Mhic Mhaoilir ar an teorainn idir Laoise agus Cheatharlach, bás nuair a sciorradh an carr Lexus a raibh sí ag taisteal ann tar éis báisteach throm timpeall 5km ó bhaile Cheatharlach ag thart ar 11.30pm Dé Céadaoin.
Bhásaigh beirt dá cairde Daryl Culbert, 21, as Cill Téagáin, Co. Chill Mhantáin agus Michael Kelly, 25, as an Urnaí, Co Cheatharlach sa timpiste thragóideach freisin.
Gortaíodh an ceathrú duine, Nathan Kelly, atá ina 20idí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.