Cé atá thar Nash, Farrell?

02/02/2024

Tá an-chuid caint faoi Éirinn i ndiaidh Johnny Sexton – ach anois beidh an freagra ag Andy Farrell agus ag Éirinn!

Tá imreoirí nua ainmnithe ag bainisteoir na hÉireann Andy Farrell don chéad chluiche mór de chuid na Sé Náisiún in aghaidh na Fraince.

I measc na n-imreoirí, beidh an lucht leanúna (fans) ag faire go géar ar Calvin Nash,  a bhí imithe ón scuad faoi Farrell ar feadh tamaill.

Calvin Nash
Calvin Nash

Táthar ag súil go mbeidh sé ina réalta nua d’Éirinn.

Tá a cheart imeartha (right to play) ar son a thíre tuillte (deserved) aige tar éis dó déanamh chomh maith sin do Chúige Mumhan – ach anois beidh air a chruthú gur féidir leis é a dhéanamh d’Éirinn.

Beidh Joe McCarthy as Cúige Laighean san áireamh freisin ar fhoireann na hÉireann a thosóidh in aghaidh na Fraince ina gcéad chluiche de na Sé Náisiún i Marseille ag 8pm Dé hAoine.

Tá ‘bench split’ 6:2 roghnaithe ag Farrell don chluiche seo, agus is é seo an chéad uair do sin, mar sin beidh sé suimiúil.

Andy Farrell
Andy Farrell

Taistealóidh Éire chun na Fraince inniu ach tá Garry Ringrose tar éis teach abhaile chun gortú gualainne a athshlánú tar éis dó a bheith curtha as an áireamh i gcluiche Dé hAoine.

Mar a bheifí ag súil leis, tá Jack Crowley ainmnithe chun cluiche Sé Náisiún a thosú den chéad uair.

Léiríonn an fhoireann tosaigh ceithre athrú uathu siúd a d’imir i gcluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain in aghaidh na Nua-Shéalainne.

Beidh Hugo Keenan ar chúl, le James Lowe agus Nash ar an dá thaobh. Beidh Nash ag imirt ina dhara cluiche Tástála, tar éis an cath a bhuachan chun teacht in ionad Mack Hansen a gortaíodh.

france

Mar gheall nach bhfuil Ringrose ar fáil, beidh Robbie Henshaw in éineacht le Bundee Aki i lár na páirce.

Agus beidh Crowley in éineacht le Jamison Gibson-Park mar leathchúlaí.

Sa tsraith thosaigh beidh an triúr as Cúige Laighean –Andrew Porter, Dan Sheehan agus Tadhg Furlong.

Sa dara sraith, tá McCarthy ag fáil luach saothair as a chuid imeartha iontach agus imreoidh sé ina chéad chluiche Sé Náisiún. Beidh McCarthy in éineacht le Tadhg Beirne na Mumhan, le James Ryan ar an mbinse.

Beidh an captaen nua Peter O’Mahony in éineacht le Josh van der Flier agus Caelan Doris.

Is iad Conor Murray agus Ciarán Frawley an bheirt sa chúl atá ar bhinse 6:2.

Is iad Ronan Kelleher, Cian Healy agus Finlay Bealham na hionadaithe sa tsraith tosaigh, agus tá James Ryan, Ryan Baird agus Jack Conan ar an mbinse ag an Stade Vélodrome freisin.

Éire (in aghaidh An Fhrainc)

15. Hugo Keenan

14. Calvin Nash

13. Robbie Henshaw

12. Bundee Aki

11. James Lowe

10. Jack Crowley

9. Jamison Gibson-Park

1. Andrew Porter

2. Dan Sheehan

3. Tadhg Furlong

4. Joe McCarthy

5. Tadhg Beirne

6. Peter O’Mahony (capt)

7. Josh van der Flier

8. Caelan Doris

Replacements:

16. Ronan Kelleher

17. Cian Healy

18. Finlay Bealham

19. James Ryan

20. Ryan Baird

21. Jack Conan

22. Conor Murray

23. Ciarán Frawley


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: RUGBAÍ

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram