CLG ar an teilifís – agus na cluichí ar fad ar an deireadh seachtaine fada seo

02/02/2024

Beidh an chuid is mó de chluichí móra CLG ar TG4 arís an deireadh seachtaine seo, agus an tsraith iomána ag tosú

Tar éis dhráma na seachtaine seo caite sa chéad seachtain den tsraith pheile (football league) tá níos mó aicsean CLG an deireadh seachtaine seo.

Beidh go leor de na cluichí ar an scáileán (screen), le TG4 ag taispeáint an chuid is fearr thar dheireadh seachtaine Naomh Bríd.

Tosaíonn an iomáint (hurling) an tseachtain seo agus beidh trí chluiche móra ag na Dubs – Tiobraid Árann san iomáint, agus Maigh Eo i bpeil na bhfear agus i bpeil na mban.

michael donoghue

Cuirfear tús leis an aicsin ar Dé Sathairn ag 2.30pm. Craolfaidh TG4 an cluiche iomána idir Áth Cliath agus Tiobraid Árann ó Pháirc Parnell i mBaile Átha Cliath.

Beidh lucht leanúna Átha Cliath ag súil go mbeidh Micheál Donoghue as Gaillimh tar éis feabhas a chur ar a fhoireann.

Tháinig imreoirí nua isteach mar Brian Hayes, Diarmuid Ó Dulaing agus Dara Purcell i ndiaidh imeacht Cian Boland, Andrew Dunphy, Aidan Mellett agus Chris O’Leary.

Beidh tuilleadh tacaíochta ó na himreoirí eile ag teastáil ón gcaptaen Eoghan O’Donnell agus ón réalt-imreoir Donal Burke, a bhí gortaithe anuraidh.

Sa pheil beidh cluiche Fhear Manach v Cill Dara ar an BBC iPlayer ag 6pm.

Beidh RTÉ ag taispeáint an chluiche idir Baile Átha Cliath agus Maigh Eo sa pheil ag 7.30pm.

Ar Dé Domhnaigh beidh an cluiche iomána idir an Clár agus Corcaigh á chraoladh ag TG4 ag 1.45pm agus cluiche ceannais Peile Allianz idir Doire agus Tír Eoghain ag 3.45pm.

Beidh craoladh beo ar an gcluiche peile idir Muineachán agus Ciarraí ar aip TG4 ag 1pm agus craoladh ar cuireadh moill uirthi (delayed broadcast) ar stáisiún teilifíse TG4 ag 5.35pm.

Ar an Luan, craolfaidh TG4 cluiche Chiarraí v Corcaigh i Sraith na mBan ag 3pm.

Dé Sathairn

Peil

Roinn 1

Maigh Eo v Áth Cliath, 7.30pm – RTÉ2

Roinn 2

Ard Mhacha v An Mhí, 6pm

Fear Manach v Cill Dara, 6pm – BBC iPlayer

Roinn 3

An Dún v Luimneach, 6pm

Roinn 4

Ceatharlach v Port Láirge, 6pm

Loch Garman v Laois, Páirc 6pm

Iománaíocht

Roinn 1B

dublin galway
Beidh Baile Áth Cliath in aghaidh Tiobraid Árann ag 2.30pm ag TG4 agus Gaillimh in aghaidh An Iarmhí, 2pm

Áth Cliath v Tiobraid Árann, 2.30pm – TG4

Gaillimh v An Iarmhí, 2pm

Roinn 3A

Sligeach v An Cabhán, 2pm

Roinn 3B

Warwickshire v Liatroim, 2pm

Lancashire v Longfort, 1pm

Dé Domhnaigh

Peil

Roinn 1

Doire v Tír Eoghain, 3.45pm – TG4

Ros Comáin v Gaillimh, 2pm

Muineachán v Ciarraí, 1pm – aip TG4

Roinn 2

An Cabhán v Dún na nGall, 4pm

Lú v Corcaigh, Baile Átha Fhirdhia, 1pm

Roinn 3

Aontroim v Uíbh Fhailí, 2pm.

An Iarmhí v An Clár, 2pm

Sligeach v Cill Mhantáin, 1pm

Roinn 4

An Longfort v Tiobraid Árann, 2pm

Liatroim v Londain, 1pm

Iománaíocht

Roinn 1A

Uíbh Fhailí v Port Láirge, 2pm

An Clár v Corcaigh, 1.45pm – TG4

Cill Chainnigh v Loch Garman, 1.45pm

Roinn 1B

diarmaid byrne limerick
Beidh Luimneach in aghaidh Aontroim ag 2pm

Luimneach v Aontroim, 2pm

Roinn 2A

Laoise v An Dún, 2pm

An Mhí v Cill Dara, 2pm

Ciarraí v Ceatharlach, 2pm

Roinn 2B

Doire v Tír Eoghain, 1.30pm

Cill Mhantáin v Dún na nGall, 12.30pm

Ros Comáin v Londain, 12.30pm

Roinn 3A

Lú v Muineachán, 2pm

Maigh Eo v Ard Mhacha, 1pm

Peil na mBan

Roinn 1

Ard Mhacha v Gaillimh, 2pm

Maigh Eo v Áth Cliath, 2pm

Port Láirge v An Mhí, 2pm

Roinn 2

Tír Eoghain v Muineachán, 2pm

Laoise v Tiobraid Árann, 2pm

Dún na nGall v An Iarmhí, 2pm

An Cabhán v Cill Dara, TBC, 2pm

Dé Luain

Peil na mBan

Roinn 1

Ciarraí v Corcaigh, 3pm – TG4


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram