Fear cúisithe as feithicil Gharda a dhó le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath

02/02/2024

Tugadh beirt fhear os comhair cúirte ar chúisimh a bhain leis na círéibeacha i mBaile Átha Cliath

Tá fear cúisithe as feithicil Garda a chur trí thine le linn na gcíréibeacha i mBaile Átha Cliath i mí na Samhna.

Chuala Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath go raibh na círéibeacha i measc na n-eachtraí  mí-ord poiblí ‘is tromchúisí a tharla riamh i stair an Stáit’.

Bhí sé mar thoradh ar agóidí tar éis eachtra níos luaithe inar gortaíodh roinnt daoine lena n-áirítear leanaí.

Thug Gardaí mórán daoine os comhair na gcúirteanna cheana féin maidir le hord poiblí, airm, gadaíocht agus cúisimh éagsúla eile a bhain leis an chíréib ar 23 Samhain sa chathair.

Gardai Garda Car 1
Gardaí ar dualgas oíche na gcíréibeacha

Gabhadh Declan Donaghey, 27, as Plás William, Sráid Dorset Uachtarach, Baile Átha Cliath 1, agus Kyle Lawrence, 18, as Sráid Lurgan, Baile Átha Cliath 7, Dé Céadaoin agus tugadh go Stáisiún Garda Shráid an Stórais iad áit ar cúisíodh iad i gcionta tromchúiseacha éagsúla.

Tionóladh iad thar oíche agus tháinig siad os comhair an Bhreithimh Bryan Smyth sa Chúirt Dúiche i mBaile Átha Cliath Déardaoin.

Rinne an breitheamh iad a athchur ar bhannaí dochta (strict bail) le teacht i láthair arís an 4 Aibreán.

Tá an tUasal Donaghey cúisithe i gceithre chion ar Shráid Parnell – feithicil Garda a chur trí thine, damáiste coiriúil d’fheithicil Gharda eile, réad a chaitheamh trí fhuinneog thosaigh gloine gnó, agus mí-ord foréigneach.

Dúirt an Bleachtaire-Garda Michelle Fitzpatrick leis an gcúirt nár thug an tUasal Donaghey ‘aon fhreagra ar na cúisimh’. Dúirt sí go raibh sí in aghaidh bannaí (bail) mar gheall ar thromchúis an cháis.

Tá deich gcúiseamh os comhair an dara cosantóir, an tUasal Lawrence, atá ag glacadh páirte i gclár oideachais.

Áirítear orthu cúig chúis buirgléireachta – ag Foot Locker, Arnotts, JD Sports, Lifestyle and Asics – agus dhá chúiseamh as mí-ord foréigneach ag Sráid Parnell agus Sráid Uí Chonaill Íochtarach. Tá sé cúisithe freisin as iarracht a dhéanamh damáiste choiriúil ag Penneys ar Shráid Mhuire, agus dhá ghníomh eile ina ndearnadh iarracht ar dhamáiste coiriúil.

Dúirt an Bleachtaire Garda Alan O’Toole nár thug an tUasal Lawrence ‘aon fhreagra tar éis rabhadh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram