Naomh (saint) nó bandia (goddess)? Pé scéal é, beidh muid ag ceiliúradh deireadh seachtaine Bríde

01/02/2024

Ar Lá Fhéile Bríde tá go leor de na sean-nósanna fós á gcleachtadh – a théann ar ais ní hamháin go hÉirinn Caitliceach ach go dtí aimsir na bPágánach.

Lá tábhachtach i gcónaí a bhí Lá Fhéile Bríde i stair na hÉireann. Is lá ceiliúradh na mBan é den chuid is mó, ach is lá é freisin a rinne Críostaithe Éireannacha ceiliúradh ar a n-oidhreacht phágánach.

Cosúil leis na toibreacha naofa (holy wells) agus Oíche Shamhna (Halloween), ba cheiliúradh págánach é Lá Fhéile Bríde a d’fhulaing na sagairt, ach is minic a cháineadh é.

Mórshiúl Lá Fhéile Bríde i gCluain Dolcáin
Mórshiúl Lá Fhéile Bríde i gCluain Dolcáin

Agus tá lá saoire bainc againn anois, Dé Luain seo chugainn – chun Lá Fhéile Bríde, nó tús an earraigh, nó Imbolc – a cheiliúradh tar éis do Imelda May an moladh a dhéanamh.

Nuair a dúirt an Rialtas go mbeadh lá saoire bainc bhreise ann in ómós d’oibrithe túslíne le linn Covid, chuir Imelda May tweet amach:

‘Make Brigids Day a national day in Ireland! Matron Saint of Ireland. Who’s with me?’
Agus sin mar a tharla.

Imelda May
Imelda May

Go deimhin is seanainm Ceilteach é Bríd. Ba Bhandia Cheilteach í, duine de na Tuatha Dé Danann, ar thug na Ceiltigh ómós di mar gheall ar a neart agus a cumhacht athnuachana ar fhéile Imbolc, an chéad lá d’Fheabhra, an chéad lá den Earrach.

Le sin beidh ceiliúradh ar fud na tíre.

Mar shampla i sráidbhaile Chluain Dolcáin (Clondalkin), i mBaile Átha Cliath, áit a gcreidtear gur thug Naomh Bríd cuairt ar an mainistir (monastery), beidh na Cleamairí (Mummers) agus na ‘Biddy Boys’ amuigh agus tá gach imeacht saor in aisce.

Tá an cloigtheach (round tower) fós i gCluain Dolcáin, agus Áras Chrónáin, ionad na teanga, ceoil agus gach gné dár gcultúr, le ranganna i rith na seachtaine agus imeachtaí beo gach deireadh seachtaine.

Tosaíonn an fhéile sa sráidbhaile féin ar Lá Fhéile Bríde, Déardaoin, 1 Feabhra, le ‘Tornaido Fire Performance’ ag déanamh dráma ar scéal Bhríde.

Beidh mórshiúl ann Dé Domhnaigh, 4 Feabhra, le daoine gléasta mar Chleamairí (Mummers)  agus ‘Biddy Boys’, agus le Banna Píb Chluain Dolcáin (Clondalkin Piipe Band) .

Beidh roinnt daoine gléasta mar Bhríd, an naomh Críostaí, agus beidh daoine eile gléasta mar Bhríd, an bandia (goddess) págánach (Pagan).

Agus ar an Luan, an lá saoire bainc, tá an oilithreacht (pilgrimage) go dtí Tobar Bhríde (St Brigid’s Well) sa cheantar.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram