Tá glactha ag an DUP, ar deireadh, le duine neamh-Aontachtach a bheith ina Chéad-Aire (First Minister) sa Tuaisceart, tar éis baghcat (boycott) dhá bhliain, agus tá tábhacht an-mhór leis sin, a dúirt uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald.
Gheobhaidh leas-uachtarán an pháirtí Michelle O’Neill an deis an rialtas a threorú sa Tuaisceart, dhá bhliain i ndiaidh an toghcháin.
Tarlóidh sé sin toisc go ndearna an DUP comhaontú le rialtas na Breataine faoi Brexit agus cuirfidh siad deireadh lena bhaghcat ar an bhFeidhmeannas comhroinnte cumhachta (power-sharing Executive).
Anois tiocfaidh Tionól (Assembly) Stormont le chéile chun Ceann Comhairle (Speaker) a thoghadh. D’fhéadfadh sé sin tarlú Dé Sathairn agus ina dhiaidh sin toghfar an Chéad-Aire.
Beidh sé sin an chéad uair riamh nach mbeidh Aontachtach i gceannas ar an Tuaisceart, ach faoi rialacha an rialtais sa Tuaisceart beidh na páirtithe uile (all) i gcumhacht.
Dúirt Ms O’Neill go bhfuil an chéad lá eile ríthábhachtach chun na hinstitiúidí comhroinnte cumhachtaí a chur ar bun.
Cuireadh ceist ar Ms McDonald faoin bpoitéinseal (potential) d’athrú bunreachtúil (constitutional) in Éirinn, go háirithe má thoghtar í ina Taoiseach freisin, agus dúirt sí gur ‘marc ar mhéid an athraithe atá tarlaithe sa Tuaisceart agus go deimhin ar fud na hÉireann’ a bheadh san fhorbairt is déanaí. de réir an Irish Times.
Dúirt sí: ‘Níos tábhachtaí fós is comhartha é d’Éire nua atá ag teacht chun cinn agus an comhrá a bhaineann le dispeansáid bhunreachtúil (constitutional dispensation), Éire aontaithe.
‘Sílim go léiríonn casadh na n-imeachtaí, casadh stairiúil an rotha, agus an áit toghcháin ar a bhfuilimid, sílim go bhfuil an méid a labhraímid faoi anois indéanta.’
Creideann sí go bhfuil muid ‘faoi orlach (in touching distance) d’Éire aontaithe. Agus dúirt sí: ‘Sílim gur rud an-spreagúil é sin.’
Chuir an DUP tús lena mbaghcat ar Stormont i mí Feabhra 2022, mar gheall ar rialacha Brexit agus trádáil leis an mBreatain.
Toisc go gcaithfidh an dá pháirtí is mó a bheith páirteach sa rialtas sa Tuaisceart, nuair a dhiúltaigh an DUP páirt a ghlacadh ann, ní fhéadfadh an rialtas rialú.
Dúirt ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, Dé Máirt nár éirigh leo ‘gach rud’ a theastaigh uathu a fháil as rialtas na Breataine ach gur ‘toradh maith’ a bhí ann.
Dúirt sé nach ndéanfaí aon seiceálacha ar earraí atá ag bogadh idir an Bhreatain agus an Tuaisceart ach amháin má tá amhras faoi smuigleáil.
Dúirt ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh (Ulster Unionists), Doug Beattie, áfach, go mbeidh ‘an teorainn i Muir Éireann (border in the Irish Sea)’ fós ann.
Foilseofar an comhaontú idir an DUP agus rialtas na Breataine Dé Céadaoin
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.