Éire rómhall maidir le hastuithe gáis cheaptha teasa (greenhouse gas emissions) a laghdú

Stoirmeacha agus tonnta (waves) ina ‘bhagairt mhéadaitheach’ don tír agus caithfidh Éire a cuid polasaithe comhshaoil a fheabhsú

​Tá Éire ró-mhall maidir le hastuithe gáis cheaptha teasa (greenhouse gas emissions) a laghdú –  agus ní  aithneoimid ár dtír féin amach anseo, a deir  tuarascáil nua.

Beidh teas an-dian ann agus báisteach dhian freisin chomh maith le tuilte (floods) ag éirí níos déine agus níos coitianta, de réir na chéad tuairisce in Éirinn ar Mheasúnú ar an Athrú Aeráide (Climate Change Assessment).

Tá stoirmeacha agus tonnta (waves) ina ‘bhagairt mhéadaitheach’ don tír de réir mar a leanann leibhéil na farraige ag ardú, go háirithe do chathracha cois cósta amhail Corcaigh, Baile Átha Cliath agus Gaillimh, agus don bhonneagar (infrastructure).

Beidh báisteach dhian chomh maith le tuilte (floods)
Beidh báisteach dhian chomh maith le tuilte (floods)

Is ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Environmental Protection Agency, EPA) an tuarascáil agus scríobh 23 acadóir mór le rá í.

Dúirt siad nach bhfuil Éire réidh d’iarmhairtí an athraithe aeráide (climate change).

Is é seo an chéad mheasúnú cuimsitheach (comprehensive assessment) ar phríomhghnéithe an athraithe aeráide le fócas lárnach ar Éirinn.

Tharla thart ar 16 de na 20 bliain is teo in Éirinn ó 1990 i leith, agus tugadh faoi deara tuilte le déanaí i Mainistir na Corann (Midleton) Co Corcaigh mar shamplaí de na hiarmhairtí (consequences) a bhí ann cheana féin.

Léirigh staidéir a rinneadh le déanaí rátaí níos airde d’ardú leibhéal na farraige i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath.

Dúirt duine de na húdair, Peter Thorne ó Ollscoil Mhá Nuad (Maynooth), go bhfuil fíor-iarmhairtí ag baint le hathrú aeráide in Éirinn cheana féin agus go léiríonn sé nach bhfuil an tír réidh d’imeachtaí amach anseo.

Tá Éire ag athrú agus beidh teas an-dian
Tá Éire ag athrú agus beidh teas an-dian

Dúirt sé go léiríonn na tuilte móra (huge floods) le déanaí i Mainistir na Corann (Midleton) an chontúirt atá ann do dhaoine.

Dúirt an tOllamh Thorne go leanfaidh leibhéil na farraige ag ardú agus go dtógfaidh sé na mílte bliain le cobhsú (stabilise).

Deir an measúnú go bhfuil laghdú tagtha ar astuithe gáis cheaptha teasa na hÉireann i ngach earnáil seachas talmhaíocht ó bhí siad buaic i 2001.

Ina ainneoin sin, tá Éire ar an dara háit is airde ar fud an AE maidir le hastuithe in aghaidh an duine. Agus, cé go bhfuil bunús dlí i bhfeidhm anois le haghaidh ciorruithe náisiúnta atá domhain, gasta agus marthanach, ní leor an ghníomhaíocht reatha chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram