Fadhbanna do dhaoine atá ag lorg tí tar éis ‘bulk buy’ Ryanair

Cheannaigh Ryanair tithe ar an mórchóir (bulk buying)  in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath, agus anois tá faitíos ann go ndéanfaidh comhlachtaí eile é, agus go mbeidh sé níos deacra ar lánúineacha (couples) óga teach a fháil?

Tá daoine óga atá ag iarraidh teach nua a cheannach agus teaghlach a thosú anois ag tabhairt aghaidh ar fadhbanna eile mar tá Ryanair i    mhargadh na tithíochta.

Tá roinnt tithe nua i Sordn (Swords), in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath, ceannaithe ag Ryanair ionas gur féidir leo iad a ligean ar cíos dá bhfoireann.

Tá sé deacair ag lánúineacha a dteach féin a fháil
Tá sé deacair ag lánúineacha a dteach féin a fháil

Toisc go bhfuil an costas a bhaineann le háit chónaithe a cheannach chomh hard sin, tá ganntanas tithe ann agus toisc go bhfuil cíosanna chomh hard sin tá sé deacair ag lánúineacha a dteach féin a fháil cheana féin.

Anois tá rabhadh tugtha ag na Daonlathaigh Shóisialacha (Social Democrats) go mbeidh sé éasca ag comhlachtaí eile tithe a cheannach ar cheart a bheith ar fáil do ghnáthdhaoine mar go bhfuil polasaí an Rialtais i bhfabhar na gcomhlachtaí móra.

Dúirt Ryanair gur cheannaigh siad na tithe mar gheall ar na fadhbanna atá ag a gcuid foirne áit chónaithe a fháil atá.

Dúirt urlabhraí tithíochta na nDaonlathaithe Sóisialta, Cian O’Callaghan: nuair a cheannaigh Ryanair 25 teach nuathógtha (newsly built) i Sord, Co Bhaile Átha Cliath, gur ‘cic sna fiacla’ a bhí ann do dhaoine atá ag iarraidh a gcéad teach a cheannach.

Tá na tithe ceannaithe ag an aerlíne le ligean ar cíos do chriú cábáin.

Dúirt  O’Callaghan go bhfuil ionadh ar dhaoine go ndeachaigh Ryanair isteach sa mhargadh réadmhaoine (property) cónaithe.

‘Tá sé deacair go leor cheana féin ag daoine atá ag iarraidh áit dá gcuid féin a fháil mar tá cíosanna ag an leibhéal is airde riamh agus praghsanna tithe 6% níos airde ná mar a bhí siad le linn aimsir an Tíogair Cheiltigh,’ a dúirt sé.

‘Dúirt sé, toisc go bhfuil cistí infheistíochta idirnáisiúnta (international investment funds) agus cuideachtaí domhanda ag ceannach tithe, nach iontas ar bith é go bhfuil ‘os cionn leathmhilliún duine fásta i bhfostú sna seomraí codlata a bhí acu nuair a bhí siad ina leanaí’.

Tá Ryanair ag ceannach tithe chomh maith le heitleáin anois
Tá Ryanair ag ceannach tithe chomh maith le heitleáin anois

Dúirt sé: ‘Tá an Rialtas seo i gceannas ar chóras tithíochta mífheidhmiúil (dysfunctional) a chuidíonn le mórchorparáidí (giant corporations) ach nach dtugann mórán dóchais do ghnáthdhaoine.

‘Cad a tharlóidh do sholáthar tithe do cheannaitheoirí céaduaire (first-time buyers) má leanann cuideachtaí móra eile sampla Ryanair?’

Dúirt Ryanair: ‘Le blianta beaga anuas tá easpa lóistín inacmhainne ar cíos ina chonstaic mhór ar earcú agus oiliúint foirne cábáin Éireannacha agus Eorpacha nua d’fhoireann eitilte Ryanair.’

Dúirt urlabhraí gur cheannaigh siad an 25 teach nua i Fosterstown, Sord, mar go raibh siad ag iarraidh tithe ardchaighdeáin ach inacmhainne a chur ar fáil ar cíos, gar d’Aerfort Bhaile Átha Cliath do chriú cábáin nua atá ag dul isteach i Ryanair, atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram