Smachtbhannaí (Sanctions) á lorg ag an Tánaiste i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha (violent Israeli settlers)

23/01/2024

Tá an Tánaiste Micheál Martin ag iarraidh cosc ar thaisteal ar ghrúpaí a bhaineann úsáid as foréigean in aghaidh na Palaistíne – ach ní glaoch le haghaidh bhaghcat (boycott) ar Iosrael é

Tá an Tánaiste Micheál Martin ag lorg smachtbhannaí ón Aontas Eorpach i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha (violent Israeli settlers). Bhí sé ag cruinniú d’airí gnóthaí eachtracha Dé Luain.

Agus líon na mbásanna ag ardú go 25,000 i nGaza, tá rabhadh tugtha ag an Uasal Martin go gcaithfear Iosrael a choinneáil ‘cuntasach’ as a chuid gníomhartha i nGaza.

Tánaiste Micheál Martin ag lorg smachtbhannaí ón Aontas Eorpach i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha (violent Israeli settlers)
Tánaiste Micheál Martin ag lorg smachtbhannaí ón Aontas Eorpach i gcoinne lonnaitheoirí foréigneacha Iosraelacha (violent Israeli settlers)

Mar sin féin, ní chuirfeadh an glao ar smachtbhannaí isteach ach ar lonnaitheoirí agus ní ar rialtas Iosrael atá ag seoladh ionsaithe (attacks) i nGaza agus níos faide i gcéin.

Dúirt an tUasal Martin go bhfuil smachtbhannaí curtha i bhfeidhm ar Hamas agus ar ghrúpaí míleatacha eile a d’ionsaigh Iosrael agus go bhfuil sé in am anois go bheidís siúd atá ag ionsaí na bPalaistíneach ar an mBruach Thiar (West Bank) faoi réir smachtbhannaí freisin.

Iarrfaidh an Tánaiste ar shrianta lena n-áirítear cosc ar taistil i gcoinne na ndaoine a bhfuil baint acu le hathlonnú éigeantais (forced resettlement) agus foréigean in aghaidh na Palaistíne in Iarúsailéim Thoir agus sa Bhruach Thiar.

netanyahu
Dúirt Netanyahu nach dtarraingeodh sé fórsaí Iosrael as Gaza agus d’fhan sé i gcoinne an réitigh dhá stát

Tá aighneachtaí dlíthiúla (legal submissions) déanta cheana féin ag Éirinn chuig an gCúirt Choiriúil (Criminal Court) Idirnáisiúnta faoi fhorghabháil (occupation) codanna den Bhruach Thiar, agus leithdháileadh (allocated) €3 mhilliún de mhaoiniú (funding) breise ar an gcúirt chun cur ar a cumas líomhaintí coireanna cogaidh (war crimes claims) a imscrúdú.

Idir an dá linn, tá sé ráite ag Hamas go gciallaíonn diúltú Benjamin Netanyahu dá choinníollacha nach bhfuil ‘aon seans ann go bhfillfidh na nGiall’ ar Iosrael.

Agus líon na mbásanna ag ardú go 25,000 i nGaza, tá rabhadh tugtha ag an Tánasite go gcaithfear Iosrael a choinneáil ‘cuntasach’ as a chuid gníomhartha
Agus líon na mbásanna ag ardú go 25,000 i nGaza, tá rabhadh tugtha ag Micheál Martin go gcaithfear Iosrael a choinneáil ‘cuntasach’ as a chuid gníomhartha

Dúirt Netanyahu nach dtarraingeodh sé fórsaí Iosrael as Gaza agus d’fhan sé i gcoinne an réitigh dhá stát a bhfuil tacaíocht na Stát Aontaithe agus comhghuaillithe (allies) eile aige.

Ciallaíonn sé sin gur beag seans go n-éireoidh leis an aicsean is déanaí ó na Stáit Aontaithe.

D’imigh Brett McGurk, comhordaitheoir Meán-Oirthear an Uachtaráin Joe  Biden ag an Teach Bán, go Cairo le haghaidh cainteanna.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram