Fuair Ian Bailey bás tar éis taom croí. Bhí aithne mhaith air mar phríomh-amhrastach maidir le dúnmharú Sophie Toscan du Plantier in iarthar Chontae Chorcaí i 1996.
Thit Bailey tráthnóna Dé Domhnaigh ar Shráid na Beairice i mBeanntraí, áit a raibh sé ag fanacht in árasán ar cíos.
Bheadh sé 67 bliain d’aois níos déanaí an mhí seo dá mbeadh sé fós beo.
Glaodh ar na seirbhísí éigeandála tar éis do Bailey titim ach tuigtear gur fógraíodh go raibh sé marbh ag an láthair.
Tugadh a chorp go dtí an ‘morgue’ in Ospidéal Ginearálta Bheanntraí.
Bhí dhá thaom croí ag Bailey anuraidh.
Gabhadh faoi dhó agus cheistigh gardaí é faoi dhúnmharú Ms Toscan du Plantier ach shéan sé arís agus arís eile go raibh baint aige le marú an léiritheoir scannáin Francach.
Fuarthas corp Ms Toscan du Plantier taobh amuigh dá teach saoire in aice leis an Toormore in iarthar Chontae Chorcaí ar maidin an 23 Nollaig, 1996.
Ciontaíodh Bailey sa bhliain 2019 as a dúnmharú in absentia sa Fhrainc.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.