Maraíodh seachtar fear neamhchiontach ag fórsaí Iosrael agus an cogadh ag dul ó Gaza isteach sa Bhruach Thiar (West Bank), de réir an BBC.
Bráithre iad ceathrar de na fir a maraíodh ar an 7 Eanáir agus fuair siad go léir bás in ionsaí aeir Iosraelach nuair a bhí siad ina suí timpeall tine.
Bhí siad in aice leis an mbóthar trí shráidbhaile al-Shuhada, atá 10 ciliméadar ó chathair Jenin.
Dúirt an BBC gur labhair siad le gaolta na bhfear a maraíodh, finnéithe (witnesses) sa cheantar ag an am, agus paraimhíochaine (paramedic) a bhí ann.
Chuir gach ceann acu fianaise láidir ar fáil nach raibh na fir ina mbaill de ghrúpaí armtha míleata, agus nach raibh troid ar bith le fórsaí Iosrael ar siúl san áit sin ag an am.
Tá Khalid al-Ahmad, an chéad pharaimhíochaineoir a tháinig an mhaidin sin, cinnte nach raibh aon rud mícheart ar siúl ag na fir.
‘Bhí slipéir agus culaith oíche (pyjamas) á gcaitheamh ag duine acu,’ a dúirt sé leis an BBC. ‘Nach gceapann tú go gcaithfeadh duine atá ag iarraidh cur i gcoinne [airm na nIosraelach] bróga cearta ar a laghad?’
Tá an t-ionsaí nasctha ag Óglaigh Iosrael (Israel Defence Forces, IDF) le hoibríocht mhíleata uaireanta níos luaithe, i gcampa dídeanaithe (refugee camp) Jenin, inar maraíodh saighdiúir baineann.
D’eisigh an IDF ráiteas ag an am, ina dúradh ‘le linn na hoibríochta, gur bhuail aerárthach (aircraft) scuad sceimhlitheoireachta (terrorist) a chaith pléascáin chuig na fórsaí a bhí ag feidhmiú sa cheantar’.
Ní léiríonn píosaí scannáin ón IDF agus ceamara CCTV in aice láimhe aon fhianaise ar throid leis na Palaistínigh in al-Shuhada ag an am.
Bhí an ceathrar deartháir – Alaa, Hazza, Ahmad, agus Rami Darweesh – idir 22 agus 29 bliain d’aois.
Eisimircigh Phalaistíneacha ab ea iad a d’fhill ón Iordáin cúpla bliain roimhe sin lena máthair agus cúigear deirfiúr.
Bhí ceadanna (permits) Iosraelacha acu, rud a thug deis dóibh trasnú isteach in Iosrael le haghaidh obair thalmhaíochta gach lá. Is minic a bhíonn sé deacair na ceadanna sin a fháil.
Bhí an triúr fear a maraíodh leo ina mbaill dá muintir sínte.
Dúirt an paraimhíochaineoir, Khalid al-Ahmad, tar éis 20 bliain ag obair i Jenin, go raibh sé cleachta le láithreáin tráma a scanadh le haghaidh arm nó pléascán, mar ghnáthamh sábháilteachta bunúsach.
‘Déarfainn leat dá mbeadh airm ann,’ ar seisean. ‘Go hionraic, ba shibhialtaigh iad seo. Ní raibh baint ar bith acu leis an bhfriotaíocht – ní raibh urchair, ní raibh airm. Agus ní raibh aon Iosrael i láthair.’
Is iondúil go mbíonn grúpaí armtha Palaistíneacha tapa ag éileamh aon bhall a mharaigh fórsaí Iosraelacha ach tá siad tostach (silent) faoin seachtar fear seo, gan aon ráiteas ag cur síos ar aon duine acu mar ‘mhairtíreach (matyr)’ ar a gcúis.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.