Tá sé fógartha ag an iar-Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers, a thug athruithe isteach a bhí an-tábhachtach don Ghaeilge, go bhfuil sé aerach.
I bpost pearsanta ar na meáin shóisialta Dé Domhnaigh, dúirt an tUasal Chambers, atá 33 bliain d’aois, go bhfuil sé ag iarraidh tús a chur le 2024 leis an teachtaireacht thábhachtach seo:
‘Tá mé bródúil as a rá go bhfuil mé aerach,’ a dúirt an tUasal Chambers.
Scríobh Jack Chambers, a bhfuil moladh forleathan air mar cheannaire ar Fhianna Fáil amach anseo, ar Instagram gurb é seo an t-am ceart chun a chlaonadh gnéis a roinnt go poiblí.
‘Agus mé ag tnúth le 2024 tá rud beag difriúil á roinnt agam libh ach is rud é a theastaigh uaim a rá ar feadh tamaill,’ a dúirt an tUasal Chambers, atá anois ina Aire Sóisearach Iompair.
‘Mar pholaiteoir féadann sé a bheith deacair uaireanta labhairt faoi mo shaol pearsanta féin,’ a dúirt sé.
Ach uaireanta fágtar rudaí gan déanamh dá bharr, a dúirt sé.
‘Mar sin féin, tá sé tábhachtach dom a bheith dílis dom féin ar an gcéad dul síos – agus libh go léir i mo ról sa tseirbhís phoiblí.
‘Táim ag cur tús le 2024 ag rá libh go léir go bhfuilim bródúil as a rá go bhfuil mé aerach,’ a scríobh sé.
Dúirt an tUasal Chambers gur thug an tacaíocht a fuair sé ó chairde agus óna theaghlach muinín dó a bheith oscailte faoina ghnéasacht.
‘Mar pholaiteoir agus saoránach ba mhaith liom é seo a roinnt libh inniu mar chuid dom féin é.
‘I ndiaidh dom é a roinnt le go leor baill de mo theaghlach agus mo chairde, thug a dtacaíocht agus a ngrá an mhuinín agus an misneach dom é seo a roinnt go poiblí inniu,’ a dúirt sé.
ATHRÚ AIRÍ: Borradh do Jack Chambers … agus dhá phost,
go sealadach, do Simon Harris. Cliceáil ANSEO
Mar Aire Sóisearach na Gaeltachta chabhraigh an tUasal Chambers le reachtaíocht thábhachtach a thabhairt isteach a spreagann úsáid na Gaeilge sna meáin agus chun níos mó seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge.
Faoin mbliain 2030, caithfidh an cúigiú cuid d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí a bheith ina gcainteoirí Gaeilge, faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla.
Cuirfear gach oifig phoiblí agus seirbhís Stáit ar fáil trí Ghaeilge i gceantair Ghaeltachta freisin.
Faoin Acht freisin tá dualgas ar gach comhlacht poiblí ar a laghad 20% dá bhfógraíocht bhliantúil a dhéanamh i nGaeilge agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge sna meáin Ghaeilge.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.