Is í máthair de thriúr an t-íospartach is déanaí a fuair bás agus tá méadú tagtha ar líon na mbásanna ar na bóithre
Fuair máthair bás i dtimpiste i gCo. Shligigh an tseachtain seo chaite agus ba í an t-ochtú duine a fuair bás ar na bóithre in Éirinn ó Lá Caille (New Year’s Day).
Maraíodh Muriel Conboy, a bhí 57 bliain d’aois, in imbhualadh dhá ghluaisteán ar an R290 idir Scoil Náisiúnta Chill Rois (Kilross) agus Baile Uí Dhálaigh (Ballygawley) ag thart ar 7.30pm Dé Luain.
Fágann a bás go bhfuiar ochtar bás ar na bóithre in 2024, méadú de thrí i gcomparáid leis an am seo anuraidh.
Fógraíodh go raibh Muriel, arbh as Baile Uí Dhálaighdó, marbh ag an láthair agus tugadh tiománaí an dara cairr go hOspidéal Ollscoile Shligigh.
Dúirt Gardaí nach bhfuil gortuithe an ghluaisteánaí ina mbaol don bheatha.
Bhí clú agus cáil ar Ms Conboy, a bhí ag obair i dteach altranais i gCo. Liatroma (Leitrim).
Tá Gardaí ag lorg finnéithe don timpiste.
Tráthnóna Dé hAoine seo caite, maraíodh triúr i dtimpistí bóthair.
Bhásaigh coisithe baineann (female pedestrian) ina 20idí tar éis di a bheith buailte ag carr ar bhóthar an N56 in Inis Strín (Illistrin), Co. Dhún na nGall.
Fuair bean ina 80idí bás ar an R156 ag Droichead na Scairbhe (Scarriff Bridge) thart ar 12pm tar éis imbhualadh idir a carr agus mionbhus.
Fógraíodh go raibh an bhean scothaosta, a bhí mar thiománaí an ghluaisteáin, marbh ag an láthair. Tá cóir leighis faighte ag tiománaí an mhionbhus, fear ina 50idí, agus paisinéir óg as gortuithe nach bhfuil bagrach don bheatha.
Níos luaithe ar Dé hAoine, fuair fear ina 30í bás in imbhualadh dhá ghluaisteán i gCo. Mhaigh Eo. Tharla an timpiste ag 7.50am gar do Chlár Chlainne Mhuiris (Claremorris).
Fógraíodh go raibh sé marbh ag an láthair.
Roimhe seo, maraíodh bean i dtimpiste i gCo.Chiarraí tráthnóna Déardaoin. Bhí Mary Walsh, 52, ag taisteal ar an N22 i nGleann Fleisc nuair a bhuail a carr le trucail.
Ba é Dé Céadaoin an t-aon lá an tseachtain seo caite nach bhfuair aon duine bás in imbhualadh.
Dé Máirt an tseachtain seo caite, maraíodh bean agus gortaíodh beirt pháistí go dona i dtimpiste i gCo Cill Daran (Kildare).
Bhí an bhean, a bhí ina 40idí, ag tiomáint ar an R148 i gCluain Chorraí, An Bóthar Buí (Enfield), ag 6.15pm nuair a bhuail a carr le veain.
Níos luaithe ar an lá céanna, fuair an gluaisrothaí Gary Murphy, 48, bás tar éis dó a bheith i dtimpiste ar an bpríomhbhóthar idir an Cabhán (Cavan) agus Baile na nGallóglach (Ballinagh) i gCorr Lorgáin (Corlurgan) ag 3.10pm.
Ba é Keith Higginbotham, 27, a bhí ina athair do bheirt leanaí, an chéad duine a fuair bás ar bhóithre na hÉireann in 2024. As an Urnaí, Co Chill Dara, bhí sé mar phaisinéir i gcarr a bhí i dtimpiste feithicle singil ag Curraghfarm, idir baile Chill Dara agus Droichead Nua (newbridge), ag thart ar 8.45pm ar Lá Caille (New Year’s Day).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.