‘Chaill mé leath mo chuid fola’ – deir Graham Norton gur athraigh a shaol nuair a sánadh (stabbed) é

09/01/2024

D’fhiafraigh altra (nurse) de Graham an raibh sé ag iarraidh dul i dteagmháil le duine ar bith agus d’fhiafraigh Graham di an raibh sé chun bás a fháil

Tá sé tugtha le fios ag Graham Norton gur athraigh sé a shaol chun feabhais nuair a beagnach fuair sé bás tar éis dó a bheith saithe (stabbed).

Bhí sé ag siúl abhaile i Kilburn in iarthuaisceart Londain i 1989 nuair a ionsaíodh (attacked) é.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Dúirt Graham nár thuig sé ar dtús go raibh sé sáfa sa bhrollach mar go raibh an aidréanailín tar éis an phian a cheilt.

Deir Graham gur chabhraigh an taithí lena shaol a athrú chun feabhais
Deir Graham gur chabhraigh an taithí lena shaol a athrú chun feabhais

Ach nuair a chonaic sé an méid fola a bhí á chailleadh aige, bhí a fhios aige go raibh sé dáiríre. Bhí an oiread sin faitíos air gur ghuigh sé ar strainséir  greim a choinneáil ar a lámh mar níor theastaigh uaidh bás a fháil leis féin.

Is dócha gur shábháil lánúin scothaosta (elderly couple) a bhí ag dul thart a shaol nuair a ghlaoigh siad ar otharcharr (ambulance).

Deir Graham, a bhí ina mhac léinn drámaíochta ina 20idí ag an am, gur chabhraigh an taithí lena shaol a athrú chun feabhais.

Tá Graham 60 bliain d’aois anois agus fiafraíodh de cad é an t-eispéireas ba mheasa ina shaol, agus d’fhreagair sé:

‘Nuair a sánadh mé i 1989. Chaill mé leath mo chuid fola.

‘Is cuimhin liom an droch-mhóimint – mar nuair a tharlaíonn sé, níl ann ach tráma –  ach ansin an mhaidin in a dhiaidh bhí mé sa bharda ospidéil agus is cuimhin liom tháinig altra chugam agus dúirt sí, “An bhfuil tú ag iarraidh orainn dul i dteagmháil le duine ar bith? Ar mhaith leat go ndéanfaimid teagmháil le do thuismitheoirí?”

Dúirt Graham leis an Telegraph : ‘I mo cheann, bhí mé ag smaoineamh, “Bhuel, níor mhaith liom a go mbeadh mo thuismitheoirí buartha ach mar an gcéanna, má tá mé chun bás a fháil, is dócha gur mhaith leo teacht chun slán a fhágáil liom. Bheadh fearg orthu mura ndéarfainn leo.”

Bhí an oiread sin faitíos air gur ghuigh sé ar strainséir  greim a choinneáil ar a lámh mar níor theastaigh uaidh bás a fháil leis féin
Bhí an oiread sin faitíos air gur ghuigh sé ar strainséir  greim a choinneáil ar a lámh mar níor theastaigh uaidh bás a fháil leis féin

‘Mar sin dúirt mé leis an altra, “An bhfuil mé chun bás a fháil?” Agus dúirt sí, “Erm… l” Agus dúirt mé, “Ná thóg ‘pause’. Ní hé seo an áit le ‘pause’. Tá sé seo tromchúiseach go leor.”

‘Bhí sin go dona. Ach is é an rud dearfach a bhí ann is dócha go raibh mé i mo 20idí. Bhí mé ag dul isteach sa tríú bliain i scoil drámaíochta.

‘Bhí go leor daoine ag caoineadh agus ag rith isteach i leithris agus dúnadh na doirse.

‘Agus bhí mé i mo shuí ansin ag dul, “Tá mé beo. Tá mé go maith.” Mar sin, ar bhealach, d’athraigh sé mo shaol chun feabhais.’

Dúirt Graham, áfach, go ndearna a bhuachaill ag an am sin é a dhumpáil an lá dár gcionn, rud nach raibh an ‘most tactful piece of timing’.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram