Beirt imreoirí sinsearacha imithe as na Dubs

08/01/2024

Tá sé fógartha ag Dessie Farrell go bhfuil roinnt réalta fós le cinneadh a dhéanamh agus beirt imreoirí tar éis na Dubs a fhágáil roimh thús séasúr 2024

Tá sé deimhnithe ag bainisteoir na Dubs Dessie Farrell go bhfuil beirt imreoirí sinsearacha chun a scuad Átha Cliath a fhágáil i mbliana.

D’fhill Seaimpíní na hÉireann 2023 ar ais chun aicsin i gCorn Uí Bhroin (O’Byrne Cup) an tseachtain seo, ag buachan Uíbh Fhailí (Offaly) le pointe amháin i gcluiche ceathrú ceannais in Gracefield Dé Sathairn.

Agus aicsean na Sraithe Náisiúnta díreach timpeall an chúinne, tá Farrell ag bailiú na n-imreoirí ar ais go mall ach go cinnte – ach tá am breise tugtha don triúr réaltaí Stephen Cluxton, James McCarthy agus Mick Fitzsimons.

Davy Byrne
Davy Byrne

Mar sin féin, beidh na Dubs gan seirbhís ón gCosantóir Davy Byrne, a bhuaigh Craobh na hÉireann ocht n-uaire, chomh maith leis an tosaí Ryan Basquel.

Tá sé beartaithe ag Byrne taisteal i 2024, agus tá Basquel, atá 31 bliain d’aois, imithe ar scor ón cluiche idirchontae.

James McCarthy agus Stephen Cluxton
James McCarthy agus Stephen Cluxton

Dúirt Farrell le DubsTV: ‘Is léir go bhfuil muid ar ais ag traenáil le cúpla seachtain anois, tá imreoirí áirithe fós, cuid de na leaids níos sinsearaí, a chaithfidh cinneadh a dhéanamh agus táimid chun an spás sin a thabhairt dóibh.

‘Go hiondúil ní bhainfí úsáid astu i mbabhtaí tosaigh na sraithe ar aon nós toisc go bhfuil go leor déanta acu ag an gcéim seo, agus mar sin beidh sé tábhachtach a gcuid ualach a bhainistiú agus iad a bheith i gceart don am ceart den séasúr.


theo clancy FEAT

An iad seo réaltaí CLG na todhchaí? Cliceáil ANSEO chun tuilleadh a léamh


‘Tá a fhios againn nach mbeidh Davy Byrne ar fáil an séasúr seo, tá sé imithe ag taisteal agus bhí sé sin beartaithe le tamall anuas. Tá Davy ag tógáil bliain amach.

‘Tá cinneadh déanta ag Ryan Basquel na buataisí a chrochadh suas freisin. Tá baint ag Ryan leis an bpainéal le roinnt blianta anuas agus ina sheirbhíseach iontach do pheil Átha Cliath. Carachtar thar a bheith tiomanta a bheidh ina chailliúint mhór don scuad seo.

Bainisteoir na Dubs Dessie Farrell Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile
Bainisteoir na Dubs Dessie Farrell Pic: Piaras Ó Mídheach/Sportsfile

‘Lasmuigh de sin tá cúpla seachtain fós againn le feiceáil conas mar a bheidh cúrsaí do chuid de na buachaillí sinsearacha.

Níl uainn ach an t-am atá tuillte acu a thabhairt dóibh, an Nollaig agus an Athbhliain a shárú agus an spás sin a theastaíonn le cinneadh mór mar sin a dhéanamh.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram