Tá costais dlí de luach níos mó ná €2.8 milliún faighte ag Michael Lowry ó bhinse (tribunal) Moriarty.
Tá an íocaíocht á déanamh níos mó ná 26 bliain tar éis don fhiosrúchán faoi cheadúnas fón póca Esat a bhronnadh ar Denis O’Brien.
In 2011, chinn Binse Moriarty go raibh tionchar ‘insidious and pervasive’ ag Lowry ar an bpróiseas tairisceana don dara ceadúnas fón póca in Éirinn, nuair a bhí sé ina Aire Cumarsáide i bhFine Gael sna 1990idí.
Deonaíodh an ceadúnas do Esat Telecom, cuideachta a bhí faoi úinéireacht Denis O’Brien, i 1995.
Chinn an binse go ndearna nó gur éascaigh (made or facilitated) an tUasal O’Brien íocaíochtaí na gcéadta míle punt steirling leis an Uasal Lowry, atá anois ina TD Neamhspleách.
Shéan an tUasal O’Brien agus an tUasal Lowry na cinntí.
Anois, i ráiteas do na meáin, dúirt an tUasal Lowry, iar-aire Fhine Gael go bhfuil ‘áthas air’ a rá go bhfuil an cheist atá ann le fada an lá réitithe.
Sé sin an cheist faoi costas €2,869,338.09 le haghaidh ionadaíocht ag an binse Moriarty.
‘Bunaíodh an binse seo i Meán Fómhair 1997 – 26 bliain ó shin,’ a dúirt sé,
Dúirt an TD go bhfuil sé á dhéanamh cúig bliana tar éis dó achomharc (appeal) a dhéanamh chuig an gCúirt Achomhairc agus cinneadh bunaidh an bhinse maidir le costais a chur ar ceal, i mí an Mhárta 2018.
Dúirt sé freisin: ‘Cé go raibh an mhoill maidir leis an tsaincheist seo a thabhairt chun críche do-ghlactha, míréasúnta agus éagórach, táim sásta leis an réiteach deiridh agus le scaoileadh na gcostas dóibh siúd a rinne ionadaíocht dom os comhair an bhinse.
‘Ní bheidh mé ag déanamh aon ráitis ná tuairimí breise ar an ábhar seo,’ a dúirt sé.
Shuigh an binse den chéad uair ar 31 Deireadh Fómhair, 1997, agus d’eisigh sé a thuarascáil deiridh 14 bliana ina dhiaidh sin, tar éis suí go poiblí ar feadh 286 lá.
Táthar ag súil go mbeidh costas deiridh an fhiosrúcháin níos mó ná €150 milliún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.