Bóithre contúirteach le oighear … agus beidh an teocht faoi bhun an reophoint ar feadh CÚIG lá

08/01/2024

Rabhadh Stádas Buí ó Met Éireann faoi oighear (ice) agus reophointe -5 – agus titfidh na teochtaí go dtí an deireadh seachtaine

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann go mbeidh coinníollacha tiomána contúirteacha mar thoradh ar phaistí oighreata agus paistí ceo dlúth (ice patches and dense fog).

Ag eisiúint Comhairle um Aimsir Fhuar (Cold Weather Advisory), atá i bhfeidhm go dtí 10.30pm Dé hAoine, dúirt Met Éireann: ‘Beidh aimsir fhuar ar fud na hÉireann an tseachtain seo.

‘Beidh sioc géar (severe frost), paistí oighreata agus ceo dlúth (dense fog) ann uaireanta as a dtiocfaidh coinníollacha contúirteacha taistil.’

I gCorcaigh, bhí roinnt bóithre dúnta cheana féin ar Dé Luain tar éis eachtraí de bharr oighir dhubh.

Sa Tuaisceart, tá rabhadh Stádas Buí tugtha ag an UK Met Office d’Ard Mhacha agus don Dún (Armagh and Down).

Beidh roinnt gréine ann ach beidh sioc (frost) agus oighear ann san oíche in éineacht le ceo (fog)
Beidh roinnt gréine ann ach beidh sioc (frost) agus oighear ann san oíche in éineacht le ceo (fog)

Beidh ‘aimsir thirim agus fuar den chuid is mó’, a dúirt Met Éireann.

Beidh roinnt gréine ann freisin ach beidh sioc (frost) agus oighear ann san oíche in éineacht le ceo (fog).

Tar éis na hoíche fuar le sioc agus oighear, oíche Dé Luain, nuair a mheastar go n-ísleoidh an teocht chomh híseal le -5C i gcodanna áirithe den tír, beidh an Mháirt ‘fuar agus tirim go príomha le tréimhsí geala nó grianmhara’.

Beidh an chuid is fearr de na tréimhsí geala ar fud leath thiar na tíre.

Beidh roinnt ceathanna  éadrom i gcontaetha cósta thoir. Beidh na teochtaí is airde idir 3 agus 6 chéim agus beidh gaotha éadroma soir ann, a dúirt Met Éireann

Táthar ag súil go dtitfidh na teochtaí faoin reophointe oíche Dé Máirt leis na teochtaí is ísle ag dul ó -3C go +2C céim.

‘Beidh sioc agus paistí oighreata i go leor ceantar agus roinnt paistí ceo, le gaotha éadroma thoir,’ a dúirt Met Éireann.

Beidh coinníollacha tiomána contúirteacha mar thoradh ar phaistí oighreata agus paistí dlúth (ice and dense fog)
Beidh coinníollacha tiomána contúirteacha mar thoradh ar phaistí oighreata agus paistí dlúth (ice and dense fog)  

‘Lá fuar eile a bheidh ann Dé Céadaoin, le báisteach éadrom feadh chóstaí thoir, agus tréimhsí gréine níos faide siar’.

Beidh na teochtaí is airde idir 3C agus 7C i rith an lae agus tumfaidh sé go -2C thar oíche i gceantair áirithe.

‘Beidh an Déardaoin fós fuar agus beidh sé scamallach san oirthear le tréimhsí geala nó grianmhara níos faide siar’, a dúirt Met Éireann.

Beidh an Aoine fuar go háirithe agus beidh teocht an lae idir 2C agus 5C.

Dúirt Met Éireann: ‘Beidh an deireadh seachtaine seo chugainn fuar agus tirim go príomha.

Mar sin féin, is dócha go mbeidh roinnt ceathanna ag bogadh síos ón tuaisceart uaireanta.

‘Beidh teochtaí lae idir 4 agus 7 gcéim agus beidh sioc agus paistí oighreata san oíche.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram