Tá a fhios ag gach duine faoi Lá Nollag, ach níl a fhios ag mórán faoi thraidisiún na hÉireann Nollaig na mBan.
Lá traidisiúnta é Nollaig na mBan chun mná a cheiliúradh as a gcuid oibre crua ar fad le linn shéasúr na Nollag, agus is ar an 6 Eanáir a thiteann sé.
Go traidisiúnta, ghlacfadh fir seilbh ar an obair tí mar go raibh mná ag glacadh sos ón obair ar Nollaig na mBan, ag tabhairt cuairte ar chairde chun a scíth a ligean go ginearálta, tar éis cúpla lá gnóthach atá díreach thart.
Ar ndóigh, tá baint níos mó ag fir le hobair tí sa lá atá inniu ann, mar sin níl i gceist le Nollaig na mBan ach lá do mhná le roinnt ama a thabhairt dóibh féin agus pé rud a bhfuil uathu a dhéanamh, chun éachtaí na mban sa tsochaí a cheiliúradh agus a aithint.
Is é 6 Eanáir, Nollaig na mBan, deireadh shéasúr na Nollag freisin, agus an lá a thagann an crann agus na maisiúcháin anuas.
Creidtear gur droch-ádh é na maisiúcháin a thógáil síos roimh 6 Eanáir, is é sin an 12ú lá de Nollaig, an lá, de réir na Soiscéil, a tháinig na Trí Ríthe chun bualadh leis an Teaghlach Naofa.
Agus i mbliana tá níos mó cúise ná riamh ag daoine in Éirinn le ceiliúradh a dhéanamh ar Nollaig na mBan mar go bhfuil ár bpríomhchathair, Baile Átha Cliath, ainmnithe ag Condé Nast Traveller mar cheann de na háiteanna is fearr ar domhan chun an Nollaig a chaitheamh.
Dúirt an foilseachán mór le rá gur cúiseanna maithe iad na tithe tábhairne, ár margaí Nollag agus soilse Shráid Grafton le séasúr na Nollag a chaitheamh anseo.
Bhí cathracha eile ar nós Dubai, Vienna agus Hong Cong ar an liosta de 32 ceann scríbe (destinations) freisin.
Mar sin féin, ba iad tithe tábhairne Bhaile Átha Cliath agus ceantar siopadóireachta féilte a chuaigh i bhfeidhm ar mhuintir Condé Nast Traveller.
‘Níl aon bhealach níos fearr le téamh suas ar oíche fuar Nollag ná le putóg dhubh agus cúpla pionta – agus creidigí go bhfuil go leor barraí sa chathair seo le go mairfidh tú tríd an Athbhliain,’ a dúirt an foilseachán.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.