Tá peirspictíocht úr ag Yvonne Tiernan ag tabhairt aghaidh ar 2024 agus roinn sí focail ciallmhar don athbhliain.
Tugann bean chéile Tommy Tiernan, atá ina hamhránaí agus ina síceiteiripeoir (psychotherapist) cáilithe, léargas ar conas a mhothaíonn sí faoin mbliain amach romhainn agus pictiúr álainn di féin á roinnt aici ar na meáin shóisialta.
‘Is luachmhar an rud atá ar eolas agam agus mé ag dul isteach sa bhliain nua seo anois, agus táim lán de bhuíochais,’ a scríobh sí agus í ag roinnt íomhá di féin amuigh agus í clúdaithe ón bhfuacht agus í ag stánadh ar an gceamara.
Bhí Yvonne ar an gclár raidió Miriam O’Callaghan Lá Nollag lena banna ceoil tíre-Mheiriceánach The Raines áit ar dúirt sí gurb é an traidisiún sa teaghlach a bheith ag glacadh le gach bliain nua ar a mbealach féin.
Cónaíonn an ceoltóir Yvonne agus an fear grinn Tommy i mbaile Bhearna ar chósta na Gaillimhe ach téann siad chuig a dteach saoire ar Inis Oírr Oíche Chinn Bhliana.
‘Bíonn muid i gcónaí ag dul amach go hInis Oírr agus mar sin tá an traidisiún teaghlaigh nua seo tosaithe againn, tá seanteach beag amuigh ansin agus téann muid amach agus caithimid Oíche Chinn Bhliana ar an oileán,’ a dúirt sí ar an gclár raidió.
Is é Inis Oírr an ceann is lú de na hOileáin Árann agus labhair sí faoin radharcra álainn atá ann.
‘Osclóidh tú na doirse ag meán oíche agus cloisfidh tú gach éinne ag gáire, daoine amuigh ón óstán agus ó na B&Banna agus tá sé iontach agus ansin breathnaíonn tú trasna agus feiceann tú na soilse ar fad ar Ghaillimh,’ a dúirt sí.
Dúirt sí gur áit ‘neamhghnách’ é chun dúiseacht ar Lá Caille (New Year’s Day).
Bhuail Yvonne agus Tommy le chéile i 2002 agus phós siad i Muineachán (Monaghan) i 2009.
Rinne siad ceiliúradh ar chomóradh bainise 14 bliana i mí Lúnasa seo caite trí ghrianghraf álainn a roinnt óna bpósadh.
Tá triúr leanaí ag an lánúin le chéile, agus tá triúr leanaí eile ag Tommy ón gcaidreamh a bhí aige le Jayme Street roimhe seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.