Beidh sé fuar le roinnt tréimhsí geala don chuid eile den tseachtain agus beidh báisteach agus sioc san oíche ann freisin, dar le Met Éireann. Ach ceaptar go mbeidh roinnt toirneach, go háirithe i ndeisceart na tíre, le tuilte áitiúla freisin.
Leanfaidh na ceathanna scaipthe ar aghaidh oíche Dé Céadaoin, le tréimhsí soiléire idir na ceathanna.
Beidh sé an-fhuar oíche Dé Céadaoin freisin, le teocht íseal 1C go 5C le gaoth aniar éadrom go dtí an iardheisceart.
Beidh tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe ar an Déardaoin le gaoth éadrom, agus teocht idir 5C agus 9C.
Beidh oíche Déardaoin tirim don chuid is mó le tréimhsí fada soiléire, le ceathanna timpeall chóstaí an Atlantaigh. Beidh na teochtaí is ísle idir 0C agus 4C, le gaoth éadrom go measartha aniar.
Beidh an chuid is mó den tír tirim agus grianmhar maidin Dé hAoine agus ar feadh tamaill san iarnóin, ach beidh roinnt ceathanna ag roinnt cóstaí Atlantacha a d’fhéadfadh bogadh intíre i rith an lae.
Táthar ag súil le teochtaí is airde de 5C go 8C, le gaotha éadrom.
Beidh meascán de thréimhsí soiléire agus ceathanna oíche Dé hAoine, le teocht idir 0C agus 5C, le gaotha éadrom ó thuaidh.
Ag féachaint don deireadh seachtaine, tá aimsir thirim agus gheal á thuar I go leor áiteanna, ach beidh ceathanna ann uaireanta. Beidh sé fuar chomh maith le hoícheanta sioctha (frosty) agus roinnt maidineacha ceoacha (foggy) freisin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.