Tá na mílte Éireannach le bheith níos fearr as mar gheall ar roinnt beart a fógraíodh le Buiséad 2024, atá le teacht i bhfeidhm ón Luan, 1 Eanáir 2024.
I measc na n-athruithe móra a fógraíodh le Buiséad 2024 bhí:
Méadú €12 ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh (social welfare);
Méadú ar an gcreidmheas cánach cíosa (rent tax credit) go €750;
Laghdú ar an Muirear Sóisialta Uilíoch (Universal Social Charge, USC)) ó 4.5% go 4%.
Gheobhaidh daoine ar Fhostaíocht Phobail (Community Employment), Rural Social Scheme, Tús or the Work Placement Experience Programme, Scéim Shóisialta na Tuaithe (Rural Social Scheme), Tús nó an Clár Taithí Socrúcháin Oibre (Work Placement Experience Programme) €12 breise in aghaidh na seachtaine ó Eanáir.
Chomh maith leis an €12 sa tseachtain breise, beidh an rogha ag na mílte faighteoir pinsin stáit a n-íocaíocht a iarchur agus leanúint ar aghaidh ag obair go dtí an aois cháilitheachta 66 bliain d’aois.
Feictear méaduithe eile ar an Sochar Linbh (Child Benefit) agus é méadaithe faoi €4 in aghaidh an linbh cháilithigh, rud a d’fhág go mbeidh méadú ó €42 go €46 in aghaidh an linbh, nó €50 go €54 in aghaidh an linbh 12 bliana d’aois agus níos sine.
Ó Mheán Fómhair (September) 2024, leathnófar an Sochar Linbh dóibh siúd atá 18 mbliana d’aois agus atá in oideachas lánaimseartha (full-time education).
Tiocfaidh méadú freisin ar an Íocaíocht do Theaghlach Oibre ón gcéad lá d’Eanáir, le méadú de €54 do gach teaghlach.
Íocfar íocaíocht dhúbailte do gach faighteoir leasa shóisialaigh incháilithe ó 29 Eanáir. Tá na daoine a cháiligh do bhónas na Nollag i mí na Nollag incháilithe don íocaíocht dhúbailte seo.
Ardaíonn an t-íosphá (minimum wage) freisin ó 1 Eanáir agus tá dualgas dlíthiúil anois ar an bhfoireann pá íosta €12.70 in aghaidh na huaire a fháil.
Ag labhairt dó níos luaithe an tseachtain seo, thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios go bhfuil sé ag iarraidh ‘bearna réasúnta’ a choinneáil idir an méid a thuilleann daoine as a bheith ag obair agus an méid a fhaigheann daoine ó Shochar Cuardaitheoirí Poist (Jobseeker’s Benefit).
Fanann cáin ioncaim mar a chéile don bhliain nua, ach cuirfear méaduithe ar chreidmheasanna cánach i bhfeidhm.
Ardófar Creidmheas Cánach (Tax Credit) Ioncaim Tuillte, Creidmheas Cánach d’Fhostaithe agus Creidmheas Cánach Pearsanta faoi €100 go €1,875.
Méadóidh an Creidmheas Cánach do Chúramóirí Baile agus an Creidmheas Cúramóra Linbh do Dhuine Singil araon faoi €100 go €1,800 agus €1,750 faoi seach.
Tá méadú €200 ar an gCreidmheas Cánach do Leanaí faoi Éagumas (Incapacitated) á thabhairt isteach go €3,500.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.