Buaileann an Pápa David le Naomh Brendan

29/12/2023

Brendan Rodgers agus David Clifford ag ceiliúradh nuair a scórálann an Gaeilgeoir Liam Scales do Celtic

De réir tuairiscí ó Chiarraí tá an bainisteoir Éireannach ar Glasgow Celtic, Brendan Rodgers, ag bogadh ar aghaidh sa saol mór.

Tar éis dó féin agus a fhoireann Celtic bualadh leis an bPápa an mhí seo caite tá sé de phribhléid iontach anois aige bualadh le laoch peile Chiarraí David Clifford.

Brendan Rodgers leis an Pápa
Brendan Rodgers leis an Pápa

Turas Bhreandáin! Buaileann an Pápa le Celtic sa Róimh: Clicáil ANSEO

Bhronn Clifford geansaí Chiarraí ar Brendan ar thaobh na páirce ag Celtic Park an deireadh seachtaine seo caite.

Bhí Brendan sásta go bhfuair Kyogo Furuhashi a chéad chúl in ocht gcluiche chun cabhrú le Celtic teacht chun cinn arís, le bua 2-0 in aghaidh Livingston.

Rodgers le David Clifford
Rodgers le David Clifford

‘Ba mhaith le haon tosaí (forward) cúl a fháil ach ní faoin tosaí amháin atá sé. Is féidir le tosaí 40 cúil a fháil ach ní haon mhaith é mura bhfuil baill eile in ann é a dheanamh,’ a dúirt Brendan go gairid tar éis lánaimseartha ag an gcluiche.

‘Bhí sé go deas cúl a fháil dó agus ba dheas é an ceann eile a fháil freisin. Bhí níos mó seansanna againn oibriú air sin agus caithfimid a bheith i bhfad níos fearr sa réimse seo agus bhí cuma bhagrach orainn.’

Scóráil Liam Scales ó Phoblacht na hÉireann an cúl eile. Agus ba é sin an chéad cúl den séasúr do Scales, atá ina Gaeilgeoir, a chinntigh gur fhan Celtic ar an mbarr do lá Nollag.

GAA sceudle David Clifford 480x672 1
David Clifford

Lá maith a bhí ann do Brendan agus a fhoireann, rud a chríochnaigh nuair a fuair sé geansaí Chiarraí sínithe ag Clifford.

Agus lean an t-ádh le Celtic le bua 3-0 in aghaidh Dundee ar Lá Fhéile Stiofáin.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

no posts found
© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram