Roinn Imelda May an áthas a bhí uirthi agus a hathair ag teacht amach as leithlisiú (isolation) san ospidéal in am don Nollaig.
Ag tabhairt faoi na meáin shóisialta níos luaithe i rith na seachtaine, d’fhógair Imelda go raibh a hathair Tony curtha san ospidéal agus curtha ina leithlis (isolation).
Ar an dea-uair bhí Imelda fós in ann barróg a thabhairt dó Lá Nollag, agus an réalta ag cur síos ar a sceitimíní a bhí uirthi ar líne.
Ag roinnt físeán dá hathair ar na meáin shóisialta agus hata Santa air, thug Imelda spléachadh do lucht leanúna ar a teaghlach ag am Nollag.
‘Tá Daidí as an leithlisiú (isolation)!! Bhí na barróga ar fad againn,’ a dúirt Imelda.
‘Nollaig Shona daoibh,’ a dúirt an t-amhránaí ar an ngearrthóg, agus bhí áthas ar an lucht leanúna Tony a fheiceáil ag déanamh níos fearr.
‘Nollaig shona iontach daoibh go léir agus d’athair ag breathnú go maith,’ a scríobh úsáideoir amháin le Imelda.
‘Nollaig Shona duit! An bronntanas is fearr a d’fhéadfadh a bheith agat,’ a roinn an dara duine.
‘An bronntanas Nollag is fearr daoibh go léir @imeldaofficial agus guím téarnamh leanúnach ar do Dhaid,’ a scríobh duinen eile.
Ar Oíche Nollag bhí Imelda i measc ealaíontóirí éagsúla Éireannacha a bhailigh taobh amuigh d’Amharclann an Gaiety don ‘Big Busk’ Oíche Nollag.
Bhí an ócáid ar siúl ar mhaithe leis an Simon Community agus bíonn sé ar shráideanna Bhaile Átha Cliath ó cuireadh tús leis breis is deich mbliana ó shin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.