Tá méadú tagtha ar líon na dtiománaithe drugaí i nGaillimh

14/12/2023

Úsáideann Gardaí feiste tástála drugaí cosúil leis an tástáil Covid a chuidíonn leo tiománaithe drugaí a bhrath agus beidh níos mó seicphointí acu thar na Nollag

Agus rabhadh tugtha ag gardaí faoi mhéadú ar phatróil le haghaidh siúd atá ag tiomáint faoi thionchar alcól agus drugaí, thar an Nollaig, tá méadú géar ar líon na dtiománaithe drugaí i gCathair na Gaillimhe i mbliana.

Tháinig líon na mbrath in ainneoin laghdú ar líon na seicphointí tástála, dar le tuairisc sa Connacht Tribune.

Cuireadh tús le Feachtas Forfheidhmithe (Enforcement Campaign) na Nollag agus na hAthbhliana an Gharda Síochána ar 1 Nollaig agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 5 Eanáir 2024.

Garda Checkpoint 3 768x448 1 1
Tá sé níos éasca anois freisin tástálacha drugaí cois bóthair a dhéanamh

Tá Gardaí ag tabhairt foláireamh do dhaoine go mbeidh siad ag socrú seicphointí agus go bhfuil an líon daoine a gabhadh as tiomáint faoi dhrugaí sa Stát go dtí seo i mbliana níos mó ná 2,300 agus gur thart ar 5,000 an líon a gabhadh as tiomáint ar meisce.

Tá sé níos éasca anois freisin tástálacha drugaí cois bóthair a dhéanamh, atá cosúil le tástáil Covid a thugann toradh láithreach dearfach nó diúltach.

Agus i nGaillimh, as an 155 tiománaí a fuarthas a bheith ar meisce, suas go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair, bhí drugaí ag trian díobh – 55.

Amuigh as sin, tá 244 cás taifeadta ag gardaí i nGaillimh ina raibh drugaí le haghaidh úsáide pearsanta agus 96 teagmhas ina raibh drugaí le dáileadh – sin an líon ab airde le sé bliana.

Gardai1 960x560 1
A Garda lamp with a Garda Siochana logo seen outside Garda Station in Roundstone. On Friday, 30 April 2021, in Roundstone, Connemara, County Galway, Ireland. (Photo by Artur Widak/NurPhoto)

Tagann na figiúirí i ndiaidh fócas méadaithe ar dhrugaí i nGaillimh.

Ba é luach sráide na ndrugaí ná €557,000.

Idir an dá linn, tá rabhadh tugtha ag gardaí do dhaoine a thugann cuairt ar chairde agus ar ghaolta le linn na Nollag gur minic gur féidir le deoch tí a bheith níos mó ná deoch tithe tábhairne nó bialainne.

Ba chóir go mbeadh daoine ar aon intinn faoi thiomáint an mhaidin dár gcionn tar éis oíche amuigh freisin. Déan cinnte go bhfuil go leor ama caite chun ligean don alcól dul trí do chóras.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram